Tá 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta aitheanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012. Faoin Acht, déanfar an Ghaeltacht mar atá sí faoi láthair a athshainiú mar Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta (LPT) ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna limistéir éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga fhorordaithe. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach faoi fhorálacha an Achta as tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus le cur i bhfeidhm pleananna teanga sna Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta.
Roghnaigh Limistéar Pleanála Teanga ar an léarscáil thíos le tuilleadh eolais a fháil faoi.
Seo a leanas an liosta bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta (laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht) ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
Is éard atá i gceist leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta ná bailte atá suite i Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na pobail sna limistéir sin. Faoin Acht, caithfidh daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith i mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí, chun gur féidir é a áireamh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.
Dún na nGall: Leitir Ceanainn, An Clochán Liath agus Dún na nGall
Maigh Eo: Béal an Mhuirthead (sa Ghaeltacht), Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh
Gaillimh: Cathair na Gaillimhe agus An Clochán
Ciarraí: Daingean Uí Chúis (sa Ghaeltacht), Trá Lí agus Cathair Saidhbhín
Corcaigh: Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha
Port Láirge: Dún Garbhán
An Mhí: Baile Átha Buí agus An Uaimh