An Bord

Tá Bord Údarás na Gaeltachta freagrach as straitéisí agus polasaithe ginearálta Údarás na Gaeltachta. Ar mholadh ón bhFeidhmeannais, ceadaíonn an Bord infheistíochtaí, scéimeanna tacaíochta, deontais agus ceannachán nó díolachán maoine a dhéanann an eagraíocht ar mhaithe le forbairt fiontair agus cruthú fostaíochta, cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chomh maith le forbairt pobal na Gaeltachta.