Mar chuid den Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht, tá Údarás na Gaeltachta freagrach as eagraíochtaí a roghnú chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá suite laistigh de Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.
Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ina ndeirtear go ‘dtosófar próiseas pleanála teanga agus déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach ceantar Gaeltachta faoin Acht nua.’ Faoin Acht, déanfar an Ghaeltacht, mar atá sí faoi láthair, a athshainiú mar Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna limistéir éagsúla.
Tabharfar aitheantas freisin do ról na mBailte Seirbhíse Gaeltachta maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar do na limistéir sin, ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla.
Is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as comhordú an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht. Ó achtaíodh Acht na Gaeltachta in 2012, tá an Ghaeltacht anois roinnte ina 26 ceantar éagsúil, ar a dtugtar Limistéir Pleanála Teanga (LPT). De réir an Achta, caithfidh pobal gach LPT plean teanga a ullmhú dá gceantar féin le go n-aithneofar an limistéar mar limistéar Gaeltachta feasta.
Chomh maith leis na LPT, tá trí bhaile Gaeltachta aitheanta mar bhailte a d’fhéadfadh stádas mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta (BSG) a bhaint amach.
Leagtar amach struchtúr d’ullmhú na bpleananna teanga in Acht na Gaeltachta 2012. Faoin struchtúr seo, fógraíonn an tAire Gaeltachta go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga i LPT nó BSG faoi leith agus roghnaíonn Údarás na Gaeltachta ceanneagraíocht leis an bpróiseas pleanála teanga sa LPT/BSG sin a bhainistiú. Tugtar dhá bhliain don cheanneagraíocht plean teanga a ullmhú i gcomhar le pobal an limistéar de réir na dTreoirlínte Pleanála Teanga agus cuirtear an plean faoi bhráid an Aire ansin lena fhaomhadh. Má ghlactar leis, bíonn tréimhse seacht mbliana ag an gceanneagraíocht leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm.
Is féidir súil a chaitheamh ar na pleananna teanga atá ceadaithe go dtí seo anseo.
Chomh maith leis na 26 LPT agus na 3 BSG Gaeltachta, tá 13 bhaile taobh amuigh den Ghaeltacht atá suite gar don Ghaeltacht ar féidir leo aitheantas a bhaint amach mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Tá cúig cheantar eile lasmuigh den Ghaeltacht atá i mbun próisis le haitheantas a bhaint amach mar Líonraí Gaeilge; tá trí cheantar aitheanta ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus tá dhá cheantar sna sé chontae.
Is é Foras na Gaeilge atá freagrach as comhordú an phróisis phleanála teanga taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht ar fáil ar Ghaelphobal.