Tá 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta aitheanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012. Faoin Acht, déanfar an Ghaeltacht mar atá sí faoi láthair a athshainiú mar Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta (LPT) ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna limistéir éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga fhorordaithe. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus le cur i bhfeidhm pleananna teanga sna Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta.
Roghnaigh Limistéar Pleanála Teanga ar an léarscáil thíos le tuilleadh eolais a fháil faoi.