Deiseanna taighde agus forbartha

NEEDS ALT

 

 

Clár Taighde i gcomhar leis na hInstitiúidí Tríú Leibhéal

Ollscoileanna agus Institiúidí Tríú Leibhéal: Sparántachtaí Iarchéime an Údaráis


Tá an scéim seo ar fáil chun deis a thabhairt d’Ollscoileanna nó Institiúidí Tríú Leibhéal iarratais ar chomhmhaoiniú a chuir faoi bhráid Údarás na Gaeltachta le go mbeidh scoláireachtaí taighde á dtairiscint do mhic léinn taighde ar spéis leo cáilíocht thaighde a bhaint amach i réimsí forbartha a thagann go dlúth le straitéis forbartha an Údaráis.

Go dtí seo, tá taighde iarchéime agus dochtúireachta i réimse na turasóireachta cultúrtha, na forbartha mara, forbairt na fiontraíochta agus an digitiú maoinithe againn. Creideann muid gur fiú cuidiú le mic léinn cláir thaighde nua a fhorbairt i réimse comhchosúil leo seo agus i réimse na teicneolaíochta, na pleanála teanga, na hinbhuanaitheachta, na hintleachta saorga, fiontair pobail, i measc ábhair thaighde eile.

Tugann an maoiniú a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil agus maoiniú freisin ó na hOllscoileanna (uaireanta trí mhaoiniú ón gComhairle Um Thaighde in Éirinn/IRC), deis uathúil do mhic léinn cáilíocht thaighde a bhaint amach i réimse sainspéise atá dlúthcheangailte leis an obair atá á dtiomáint ag an Údarás. Tá an maoiniú i dtreo táillí ollscoile agus cothabhála aitheanta mar chroíchuspóir na mbeartas seo ach is léir dúinn freisin go mbaineann na mic léinn buntáiste agus tairbhe ar leith as an gceangal agus as an gcaidreamh a chothaítear le foireann an Údaráis féin agus na geallshealbhóirí a mbíonn siad i mbun oibre leo le linn a dtréimhse thaighde. Bíonn deis againn freisin cuidiú le mic léinn cáilíochtaí aitheanta i nGaeilge a bhaint amach mar chuid den gclár taighde. Tá sé riachtanach dúinn tógáil ar an obair chomhpháirtíochta i gcomhar leis na hOllscoileanna agus Institiúidí Tríú Leibhéal chun ábhar taighde a chur chun cinn a chuideoidh le gnóthaí, le fiontraithe agus leis na pobail ar a bhfuilimid araon ag freastal.

Chun cur isteach ar an scéim caithfear foirm iarratais chomhlíonta a sheoladh isteach chuig an Údarás faoin spriocdháta 30 Meán Fómhair 2024. Tá nasc don fhoirm i leagan Gaeilge agus Béarla le fáil thíos.

Má tá suim nó spéis agat tuilleadh beachtú a dhéanamh ar na deiseanna seo, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le taighde@udaras.ie.

Cumais Chun Fáis

Tá comhoibriú idir An Roinn Oideachais agus Scileanna agus na Fóraim Scileanna sin go bhfuil freagracht i leith na Gaeltachta orthu. Dá réir sin beidh iniúchadh scileanna á dhéanamh i measc cliaintchomhlachtaí an Údaráis ar bhunús leanúnach.

Deimhneoidh sé seo cruinneas maidir leis an mbuneolas a bhaineann le riachtanas scileanna na Gaeltachta agus cuirfear an t-eolas seo san áireamh ar na bunachair sonraí réigiúnacha agus náisiúnta faoi chreatalach “Cumais Chun Fáis”.

Sa tslí seo beifear ag beartú idirbheartaíochta le dul i ngleic le bearnaí aitheanta sa tsoláthar oiliúna trasna na Gaeltachta.

Eolas breise:  An Rannóg Taighde & Forbairt Earnála oiliuint@udaras.ie