Fiontair Shóisialta

Séard atá i bhFiontar Sóisialta, gnó a bhfuil sé mar aidhm aige tionchar dearfach a imirt ar an bpobal mórthimpeall air, seachas brabach a dhéanamh do úinéirí nó scarshealbhóirí comhlachta. Tá cultúr na Fiontraíochta Sóisialta ag bailiú nirt sa Ghaeltacht. Tá eagraíochtaí forbartha pobail ag tuiscint gur féidir leo gnólachtaí rathúla a bhunú, atá chun leasa an phobail ar a bhfuil siad ag freastal.

Tá Údarás na Gaeltachta in ann cabhrú leo, in earnálacha ar nós na turasóireachta, fuinneamh inathnuaite, spásanna oibre agus réimsí eile. Tá tuilleadh eolais faoina deiseanna agus faoin tacaíocht atá ar fáil anseo.

Tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin na Fiontraíochta Sóisialta

Pobal Website