Tabhair cuairt ar an nGaeltacht

Is ag an ndún ceann tíre daingnithe seo ar an dtaobh thiar de Chuan Ard na Caithne a tharla an léigear agus an t-ár ar a dtugtar Cath Dhún an Óir air, sa bhliain 1580.

Is ceantair áille iad Gaeltachtaí na hÉireann, áit gurb  í an Ghaeilge an chéad teanga ag na daoine atá ag cur fúthu ann.  Is í an Ghaeilge teanga an phobail agus tá sí ag croílár fhéiniúlacht phobal an cheantair.  Tá gnéithe eile de chultúr tráidisiúnta na hÉireann beo beathach anseo chomh maith, ina measc ceol traidisiúnta, damhsa, seanchas, spórt, ceardaíocht, beatha agus na báid.

Tá go leor de na ceantair Ghaeltachta suite ar Chósta an Atlantaigh, tá sé éasca dul ar chúl eagla agus tú féin a thumadh sna radhairc a bhainfeadh an anáil díot, idir aillte, sléibhte agus tránna cúlráideacha, atá ar na cinn is fearr ar domhan dar linn.

Bí linn (Join us)