Réigiún cruthaitheach bríomhar í an Ghaeltacht ó thaobh teanga, stair, cultúr, daoine agus tírdhreach de. Tá branda faoi leith forbartha ag Údarás na Gaeltachta le húsáid chun iontais an réigiúin seo a chur chun cinn.
Léiríonn luachanna an bhranda tréithe an réigiúin shainiúil seo; Dúchas, Gaeilge, Bród, Ardchaighdeán, Pobal agus Cultúr.
Beidh an branda mar acmhainn chun an Ghaeltacht agus gach gné de shaol na Gaeltachta a chur chun cinn ar mhaithe le buanú phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá an branda ar fáil do gach uile dhuine le húsáid – ár gcuid cliant, comhlachtaí eile Gaeltachta, eagraíochtaí pobail, an earnáil turasóireachta, na healaíona agus earnálacha eile. Is féidir le haon duine atá lonnaithe sa Ghaeltacht an branda a úsáid ar chomharthaí, ar ábhar margaíochta ar líne agus clóite, ar tháirgí agus pacáistiú, ar éide sa láthair oibre, ar na meáin shóisialta agus i mbun cumarsáide le custaiméirí agus leis an bpobal. Tá do rannpháirtíocht ag teastáil chun rath an bhranda seo a bhaint amach.
Tá ról ag chuile ghné don lógó sa scéal atá le n-insint:
Tarraingíodh an chlófhoireann don fhocal ‘Gaeltacht’ le láimh, agus mar sin is clófhoireann uathúil atá inti, ach an oiread leis an réigiún atá i gceist. Is clófhoireann nua-aoiseach atá ann chomh maith, ag teacht leis an nGaeltacht in Éirinn an lae inniu.
Is clófhoireann níos traidisiúnta a úsáidtear do na focail ‘na hÉireann’, rud a chuireann ár gcultúr i gcuimhne dúinn.
Seasann na trí chiorcal don trí ghné den bhranda seo – fiontraíocht, pobal agus teanga & cultúr.