Polasaí maidir le hEolas Seirbhíse Poiblí

Tá dualgais dhlíthiúla ar Údarás na Gaeltachta mar chomhlacht san earnáil phoiblí.

Mar chomhlacht san earnáil phoiblí, tá dualgais ar Údarás na Gaeltachta faoi THREOIR 2003/98/CE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hathúsáid fhaisnéis na hearnála poiblí.

Tá sé i gceist ag an Treoir gníomhaíocht gheilleagrach, nuálaíocht agus comórtas a spreagadh, agus cabhrú le forás geilleagair agus sochaí atá bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar an eolas. Tá tuilleadh eolais le fáil ar ag www.psi.gov.ie

Oifigeach Ainmnithe Fhaisnéis na Seirbhíse Poiblí

Páid Ó'Neachtain

Feidhmeannach Caidrimh Phoiblí

Páid Ó Neachtain

pon@udaras.ie
Teil: 091 503111