Port Láirge

Gaeltacht na Rinne
Gaeltacht na Rinne

Tá Contae Phort Láirge lonnaithe ar chósta theas na hÉireann. Tá Gaeltacht Phort Láirge (nó Gaeltacht na nDéise nó Gaeltacht na Rinne mar a thugtar air) suite sé mhíle siar ó Dhún Garbhán. Gaeltacht bheag í seo a thógann san áireamh Rinn Ua gCuanach agus an tSean Phobal.

Turasóireacht

Contae ilghnéitheach is ea Port Láirge atá ar an tairseach idir oirthear agus iarthar na tíre ar an gcósta theas. Ón gcathair in oirthear an chontae go dtí na sléibhte sa tuaisceart agus an cósta ó dheas tá gach cineál tírdhreacha ar fáil sa chontae seo. Is sa cheantar cósta atá Gaeltacht na nDéise, suite sa chuid thiar theas den chontae. Ceantar fíorálainn é seo inar féidir tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cosúil le siúlóidí cósta, rothaíocht, spóirt uisce agus eile. Ceann scríbe áirithe sa cheantar ná Ceann Heilbhic agus tá radharcanna áille agus saibhreas nádúrtha, go háirithe ó thaobh speiceas éin de, ar fáil sa suíomh cósta seo. Mar aon leis na Gaeltachtaí eile, tá saibhreas cultúrtha ar fáil i nGaeltacht na nDéise, agus canúint áitiúil beo beathach ann cé gur Gaeltacht bheag í seo le daonra beag. Tá go leor sa cheantar mar sin don chuairteoir le taitneamh a bhaint as ó thaobh gníomhaíochtaí agus cultúir de agus tá fáil éasca chomh maith uaidh ar bhailte agus cathracha an cheantair. Is baile stairiúil le stair shaibhir é Dún Gharbhán atá buailte le ceantar na Rinne agus tá bealach glas an bealach ar fad ó Dhún Garbhán go cathair Phort Láirge atá ina áis iontach do rothaithe agus do choisithe atá ag iarraidh taitneamh a bhaint as áilleacht an cheantair. Tá cáil ar leith ar chathair Phort Láirge mar chathair Lochlannach agus mar chathair ceardaíochta – tá criostal na cathrach aitheanta ar fud na cruinne mar shampla. Ar an taobh thiar de Ghaeltacht na nDéise, thart ar uair a chloig ón gceantar, tá cathair Chorcaí, agus tá go leor áiseanna, seirbhísí agus suíomhanna ar fáil sa chathair sin d’fhiontraithe, do chuairteoirí agus do mhuintir na háite.

Fiontraíocht & Pobal

Is láthair gnó den scoth é Port Láirge agus tá seo léirithe sa raon comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta d’ardphróifíl atá sa chontae. Tá raon leathan earnálacha ina n-áirítear miondíoltóireacht, sláinte, bithchógaslann agus cógaisíocht, seirbhísí comhroinnte agus turasóireachta ag feidhmiú sa chontae. Le blianta beaga anuas, tá comhlachtaí san earnáil closamhairc tagtha chun cinn sa cheantar Gaeltachta go háirithe agus léiriú é seo ar an spiorad fiontraíochta agus lucht saothair d’ardoideachais atá ar fáil i nGaeltacht na nDéise. Tá suíomh iontach geografach ag Gaeltacht na nDéise de toisc go bhfuil sé suite i lár na tíre ar an gcósta theas idir dhá chathair – Port Láirge agus Corcaigh. Is saol síochánta ach nasctha atá ar fáil sa cheantar mar sin i bpobal ina bhfuil saibhreas teanga agus cultúir.

Firicí

  • Tá contae Phort Láirge lonnaithe ar chósta theas na hÉireann. Tá daonra de 127,085 (Daonáireamh 2022) sa chontae
  • Tá daonra de 1,816 i nGaeltacht Phort Láirge agus is ionann seo agus 1.8% de dhaonra iomlán na Gaeltachta;
  • Tá achar de 62km2 i gceantar Ghaeltachta Phort Láirge. Is ionann seo agus 1% den cheantar Gaeltachta iomlán;
  • In 2019, bhí 149 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-tionscadail de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Phort Láirge.

Córais Iompair

Tá gréasán bóithre agus iarnróid an-mhaith sa chontae:

  • An M9/N7 go Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Cill Chainnigh
  • An N25 go Corcaigh, Loch Garman agus Ros Láir
  • An N24 go Luimneach agus Sionainn

Seirbhísí Aeir

  • Aerfort Chorcaí
    Láimhsíonn Aerfort Chorcaí eitiltí inmheánacha agus Eorpacha mar aon le seirbhísí idirnáisiúnta
    Tuilleadh eolais: corkairport.com

Seirbhís Iarnróid

Cuireann Iarnród Éireann seirbhís iarnród ar fail chuig cathair Phort Láirge

Tuilleadh eolais:
irishrail.ie

 

Seirbhís Bus

Tá seirbhísí áitiúla agus náisiúnta bus ar fáil ar fud an chontae

Tuilleadh eolais: buseireann.ie

Seirbhísí Leighis sa réigiún

  • Ospidéal Phort Láirge
  • Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh
  • Ospidéal Bon Secours
  • Ospidéal Ollscoile an Mercy

Oideachas Tríú Leibhéal sa réigiún

  • Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge wit.ie
  • Ollscoil Chorcaí ucc.ie
  • Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí cit.ie

Áiseanna Caithimh Aimsire

Gnólachtaí a bhaineann leis an Údarás i Port Láirge