Turasóireacht

Tá cuid de na réigiúin is áille in Éirinn i réigiún na Gaeltachta. Idir áilleacht na radharc agus chultúr agus theanga uathúil na Gaeltachta, is cinnte nach ndéanfaidh an cuairteoir dearmad ar an áit speisialta seo.  Tá an Ghaeltacht scaipthe amach thar 7 gcontae a bhfuil a n-aitheantas Gaeltachta féin acu, agus tá tírdhreach agus cultúr éagsúil ann rud a chinntíonn go mbíonn taithí éagsúil ag an gcuairteoir chuile lá.

Seoladh Slí an Atlantaigh Fhiáin in 2014, rud a chuireann deiseanna ollmhóra ar fáil don Ghaeltacht. Tá 25% de Shlí an Atlantaigh Fhiáin ar chósta oileán agus ar mhórthír na Gaeltachta.

Aithníonn Údarás na Gaeltachta an deis seo agus tá muid ag obair le fiontair shóisialta pobail, údaráis áitiúla, fiontraithe agus gníomhaireachtaí eile Stáit chun taitneamhachtaí straitéiseacha cultúrtha agus eispéireasacha a fhorbairt.