Ráiteas Inrochtaineacht

Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta do láithreán gréasáin inrochtana a chur ar fáil, de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh 2020 (Inrochtaineacht Láithreán Gréasáin agus Feidhmchláir Mhóibíleacha Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí) 2020.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le udaras.ie

Stádas Comhlíontachta

Comhlíonann an suíomh gréasáin seo go páirteach na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair Gréasán 2.1 leibhéal AA, mar gheall ar na neamhchomhlíontachtaí agus na díolúintí atá liostaithe thíos.

Táimid ag obair chun feabhas a chur ar chomhlíonadh inrochtaineachta ár suíomh gréasán amach anseo.

Ábhar Neamh-inrochtana

Níl rochtain iomlán ar an ábhar thíos:

  • Tuigimid gur féidir fadhbanna inrochtaineachta a bheith ag baint le doiciméid PDF a úsáidtear ar an suíomh gréasán seo. Táimid ag obair lena chinntiú go bhfuil rochtain ar dhoiciméid PDF ó dhúchas.
  • Íomhánna: Níl téacs malartach ag gach íomhá ar an suíomh gréasán seo. Mura bhfuil na tuairiscí téacs malartacha ag íomhánna, ní fios do úsáideoir a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta faisnéise céard a chuirtear in iúl san íomhá.
  • Físeáin: Ní tuairiscí fuaime agus/nó tras-scríbhinn físe ar fáil. Tá gá le tuairiscí fuaime chun cur síos a dhéanamh ar an ábhar amhairc i bhfíseán do dhaoine dalla agus do dhaoine lagamhairc i bhformáid fuaime. Níl fotheidil ag gach físeán. Tá fotheidil ann go príomha do dhaoine bodhra/ daoine a bhfuil allaíre orthu chun rochtain a fháil ar fhuaim i bhfíseáin.
  • Codarsnachta dathanna: Níl dóthain codarsnachta idir an téacs sna dathanna tosaigh agus cúlra i ngach eilimint téacs i gcomhréir le tairseacha cóimheasa codarsnachta.
  • Méarchlár: Níl gach feidhmiúlacht ar fáil tríd an méarchlár.

Ullmhúcháin an ráiteas inrochtaineachta seo

  • Rinneadh an leathanach seo a nuashonrú an 30 Eanáir 2023.

Modheolaíocht Tástála

De réir mar a bhí an suíomh gréasáin á dhearadh agus á fhorbairt, rinneadh  tástáil inrochtaineachta go hinmheánach trí mhodh féinmheasúnaithe. D’fhonn an suíomh a thástáil baineadh úsáid as meascán de thástáil uathoibríoch agus de thástáil láimhe. Rinneadh leathanaigh ar shuíomh an tsuímh gréasáin a scanadh le Axe DevTools agus Sa11y ar Google Chrome. Rinneadh an tástáil láimhe ag baint úsáide as teicnící nascleanúint méarchlár amháin, an léitheoir scáileáin VoiceOver ar MacOS agus iOS agus anailíseoirí codarsnachta dathanna. Rinneadh leathanaigh a thástáil de réir chaighdeán WCAG 2.1 ag leibhéal AA.

 

Aiseolas agus Sonraí Teagmhála

Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas. Fáiltímid roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo.

Má tá tuairimí nó gearán agat maidir le hinrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo, seol ríomhphost chuig An tOifigeach um Rochtana, ar féidir teagmháil a dhéanamh loe ag rannogad@udaras.ie nó ag +353 91 503 100.

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar  ábhar ar leith i bhformáid inrochtana, cuir isteach na sonraí seo a leanas le do thoil:

  • An foirmaid ina dteastaíonn sé.
  • An t-ábhar is mian leat a fháil (cuir isteach url an ábhair le do thoil).
  • Do ainm agus do sheoladh ríomhphoist.

Déanfaimid gach iarracht réasúnta chun d’iarratas a chomhlíonadh.

 

Nós imeachta Forfheidhmiú

Má tá deacracht agat rochtain a fháil ar eolas ar an suíomh seo nó má tá moltaí agat maidir le conas a d’fhéadfaimis feabhas a chur ar inrochtaineacht ár suímh, téigh i dteagmháil lenár An tOifigeach um Rochtana.

Deirtear i Rialacháin 2020 go bhfuil an nós imeachta forfheidhmiúcháin le húsáid “i gcás freagraí míshásúla ar aon fhógra nó iarraidh a sheoltar i gcomhréir le hAirteagal 7(4)(c) de Rialacháin 2020.

Deir alt 38 den tAcht um Míchumas,gur féidir le duine nó duine sonraithe gearán a dhéanamh i scríbhinn chuig ceann comhlachta phoiblí mura bhfuil an dlí á leanúint ag an gcomhlacht sin mar atá leagtha amach in ailt 25, 26, 27, 28 nó 29 den Acht.

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra, is féidir leat do ghearán a threoraigh chuig

 

Oifig an Ombudsman

An Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre