Tionscnaimh Fhorbartha Pobail

Séan Nós na nÓg
Séan-nós na nÓg - Ealaín na Gaeltachta Teo

Tá sé mar aidhm ag straitéis fhorbartha pobail Údarás na Gaeltachta, na pobail Ghaeltachta a chumasú lena gcuid acmhainní a fheabhsú agus a fhorbairt.

Aithníonn an tÚdarás go bhfuil forbairt eacnamaíochta, caomhnú an chultúir agus na teanga, agus cruthú fostaíocht fite fuaite ina chéile agus lárnach i bhforbairt eacnamaíochta na Gaeltachta.

Cuireann an tÚdarás maoiniú substaintiúil agus seirbhís tacaíochta ar fáil d'os cionn 30 comharchumann agus comhlachtaí pobalbhunaithe tríd an Ghaeltacht le tacú leo forbairt mar acmhainní láidre réamhghníomhacha ina gcuid pobal.

Déanann an tÚdarás riaradh ar roinnt scéimeanna fostaíochta sóisialta, cuireann sé tacaíocht ar fáil do ghrúpaí réamhscolaíochta, do chlubanna óige, tionscnaimh ealaíona agus cultúrtha agus ionad seirbhísí teanga. Oibríonn an tÚdarás leis na heagrais forbartha pobail, tríd na scéimeanna fostaíochta sóisialta, leis an infreastruchtúr sóisialta a fheabhsú sa Ghaeltacht agus cinntiú go bhfuil seirbhísí ar fáil don aosach.

Eagraíochtaí Forbartha Pobail

Tá comharchumainn agus comhlachtaí pobalbhunaithe mar eagrais forbartha pobail áitiúla i gcuid mhaith ceantar Gaeltachta. Cuireann siad seirbhísí tábhachtacha áitiúla ar fáil, déanann siad comhordú ar ghníomhaíochtaí forbartha pobail agus cuireann siad seirbhís chomhairleach ar fáil don earnáil dheonach ina gceantair feidhme. Tá na heagrais phobail ag riaradh agus ag bainistiú scéimeanna agus tograí pobail ar fud na Gaeltachta. Cliceáil anseo chun breathnú ar liosta na gComharchumann agus na nEagras Pobail.

Tá tacaíocht láidir airgid agus comhairle á chur ar fáil ag an Údarás do na heagrais phobail chun gur féidir leo tabhairt faoin bhforbairt atá idir lámha acu.

Deontas Reáchtála

Íoctar deontas reáchtála i leith costais reáchtála laethúla na n-eagras pobail gach ráithe. Íoctar deontas níos lú le heagrais phobail le clár oibre níos lú. Beidh iarratas bliantúil le déanamh ar an Deontas Reáchtála. Beidh iarratas ráithiúil le déanamh ar íocaíocht deontais.

Scéim Fiontar Pobail

Is í aidhm na scéime cabhrú le Coistí nó le hEagrais Forbartha Pobail sa Ghaeltacht tabhairt faoi fhiontair pobal.

Tá an scéim ar fáil do na Coistí agus do na hEagrais Forbartha Pobail sa Ghaeltacht atá cláraithe le hÚdarás na Gaeltachta agus atá ag feidhmiú ar bhunús daonlathach agus gur eagrais iad atá ionadaíoch den phobal áitiúil ar a bhfuil siad ag freastal agus atá ag feidhmiú de réir phlean oibre atá aontaithe le hOifig Réigiúnach an Údaráis.

Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta

Tá Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú mar ghníomhaire ar son na Roinne Coimirce Sóisialaí d’fhormhór na scéimeanna fostaíochta pobail atá á reáchtáil sa Ghaeltacht. Déanann an tÚdarás na scéimeanna a riaradh, a bhainistiú agus na híocaíochtaí a láimhseáil. Cuireann sé seirbhís comhairleoireachta agus bainistíochta ar fáil do na heagrais phobail agus cuireann sé seirbhís thacaíochta ar fáil i ullmhú na bpleananna oibre.

Tá ról thar a bheith tábhachtach ag na scéimeanna fostaíochta maidir le forbairt agus feabhsú áiseanna pobail, spóirt, tírdhreachú agus caomhnú láithreáin oidhreachta.

  • Tugann na scéimeanna taithí oibre do dhaoine atá dífhostaithe. Tá béim á cur ar fhorbairt an rannpháirtithe chun é/í a chur in oiriúint don líon fostaíochta
  • Cuirtear cúrsaí oiliúna ar fáil do na rannpháirtithe ar na scéimeanna
  • Cuirtear bunseirbhísí riachtanacha ar fáil sa phobal mar aon le hathchóiriú agus cothabháil a dhéanamh ar áiseanna spóirt agus caitheamh aimsire sa phobal.

Tá uasteorainn ar líon na rannpháirtithe is féidir a fhostú ag aon am ar na scéimeanna. Seo iad:

 

Scéim Fostaíochta Pobail

Beidh tograí a dhíríonn ar riachtanas pobail aitheanta agus a chuireann forbairt ar fáil do rannpháirtithe incháilithe; mar shampla, tograí a bhaineann le hoidhreacht, na healaíona, cultúr, turasóireacht, spóirt agus an comhshaol.

Ní mór do shocrú a bheith déanta leis na ceardchumainn chuí maidir leis na tograí agus ní cóir go gcuirfeadh siad as do phoist atá ann cheana féin. Ba chóir go mbeadh deiseanna oibre tairbheacha á dtairiscint do rannpháirithe tríd an togra.

Cuirfear acmhainní ar fáil don urraitheoir chun daoine dífhostaithe a fhostú mar rannpháirtithe. De ghnáth, bíonn rannpháirtithe fostaithe ar feadh tréimhse bliana, 39 uair sa tseachtain ar an mheán. Ciallaíonn na critéir incháilithe gur féidir rannpháirtithe a earcú más rud é go raibh siad dífhostaithe ar feadh bliana nó níos mó. Méadaíonn siad a ndeiseanna fostaíochta go mór tar éis dóibh tréimhse a chaitheamh ar thogra sa scéim.

Beidh deontas pá á íoc ag Údarás na Gaeltachta le gach uile rannpháirtí faofa ar feadh na tréimhse fostaíochta ar fad. Beidh ranníocaíocht á dhéanamh le haghaidh costais ábhair agus le haghaidh maoirseacht lánaimseartha. Beidh deontais ar fáil maidir le Forbairt an Rannpháirtithe. Beidh tacaíocht á tabhairt isteach de réir a chéile do Ghrúpaí Urraithe le haghaidh forbairt agus oiliúint sna scileanna riachtanacha maidir le bainistiú a dhéanamh ar thogra agus ar na hachmhainní a bhaineann leis.

Is féidir foirm iarratais á íoslódáil thíos.

Scéim Sóisialta Tuaithe (SST)

Is iad aidhmeanna na scéime ná:

  • Tacaíocht ioncaim a sholáthar d’fheirmeoirí agus d’iascairí a bhí ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh
  • Seirbhísí áirithe a rachaidh chun sochair na bpobal tuaithe a chur ar fáil.

Tabharfaidh an SST deis d’fheirmeoirí agus d’iascairí ar ioncam íseal nach mbíonn in ann aon slí maireachtála a shaothrú ón bhfeirmeoireacht ná ón iascaireacht ioncam forlíontach a thuilleamh.

Ní mór d’iarrthóir a bheith ag fáil cúnamh feirmeoireachta, nó tréaduimhir a bheith aige agus ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas a bheith á fháil aige: Cúnamh Dífhostaíochta/Sochar Dífhostaíochta (dá mbeifí ar Fhostaíocht Phobail roimhe sin)/Liúntas Míchumais le páirt a ghlacadh sa scéim seo.

Beidh an obair ar fad a dhéanfar le linn na scéime tairbheach don phobal áitiúil. Áireofar i measc na gcineálacha tionscadal a chuirfear i gcrích faoi SST:

  • Tionscadail fheabhsaithe do shráidbhailte agus don tuath
  • Cúram sóisialta agus cúram do dhaoine scothaosta, cúram pobail do ghrúpaí réamhscolaíochta agus do ghrúpaí iarscoile araon
  • Obair chothabhála na timpeallachta – cothabháil agus airíochas na saoráidí pobail agus spóirt
  • Tionscadail a bhaineann le hionaid oidhreachta agus cultúir nach mbíonn ag feidhmiú ar mhaithe le brabús a shaothrú
  • Aon tionscadal pobail chuí eile a aithneofar le linn na Scéime.

Beidh deiseanna ag rannpháirtithe cur lena gcuid scileanna, nó scileanna nua a fhorbairt, agus obair fhiúntach a dhéanamh sa phobal.

Is féidir foirm iarratais á íoslódáil thíos.

Scéim TÚS – An Tionscnamh Socrúcháin Oibre Pobail

Aidhm na Scéime

Is í aidhm na scéime nó deiseanna gearrthéarmacha oibre ar ardchaighdeán a sholáthar dóibh siúd atá dífhostaithe agus seirbhísí áirithe a sholáthar chun tairbhe an phobail.

Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí atá freagrach as scéim TÚS a chur ar fáil ach is é Údarás na Gaeltachta a dhéanann bainistíocht ar an scéim thar ceann na Roinne sa Ghaeltacht.

Beidh ar chumas eagraíochtaí pobail agus deonacha seirbhísí a fhorbairt agus a chur ar fáil go háitiúil agus tairbhe a bhaint as seirbhísí agus taithí daoine dífhostaithe sa cheantar

Critéir chun áit a fháil ar an Scéim

Chun áit a fháil ar an scéim is gá don duine:

  • A bheith dífhostaithe le dhá mhí dhéag ar a laghad as a chéile agus ag ‘síniú’ ar bhonn lánaimseartha; agus
  • A bheith ag fáil íocaíocht cuardaitheora poist ón Roinn Coimirce Sóisialaí le dhá mhí dhéag ar a laghad; agus
  • A bheith ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist.

Sainaithneoidh an Roinn Coimirce Sóisialaí daoine ar an mBeochlár a shásaíonn na critéir agus scríobhfar chucu chun an deis a thairiscint dóibh a bheith san áireamh le haghaidh socrúchán áitiúil de réir mar a thagann deiseanna chun cinn. Nuair a thoilíonn na daoine sin a bheith rannpháirteach, cuirfear a n-ainmneacha ar aghaidh chuig Údarás na Gaeltachta, atá ag feidhmiú ina gceantar. Cuirfear faoi agallamh iad agus breithneofar iad le haghaidh socrúcháin agus cuirfear ar phainéal iad de réir mar a thagann deiseanna socrúcháin chun cinn, earcófar na daoine is cuícháilithe ar an bpainéal.

Sula dtairgfear socrúchán do dhuine, níor mhór a chinntiú go mbeidh an duine sin oiriúnach don obair a bheidh i gceist agus go bhfuil taithí acu ar a leithéid sin d’obair.

Is é Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an eagraíocht pobail agus deonach a dhéanfaidh é sin ag an leibhéal áitiúil.

Cén cineál oibre a bheidh i gceist?

Rachaidh gach obair a dhéanfar faoin scéim TÚS chun tairbhe don phobal áitiúil agus seo iad a leanas na cineálacha tionscadal ar dhócha a bheidh i gceist:

  • Obair chaomhnaithe fuinnimh i dtithe agus i bhfoirgnimh phobail;
  • Cúram sóisialta do dhaoine ag gach aois agus do dhaoine faoi mhíchumas;
  • Airíochas, daingniú, maoirsiú foirgneamh agus spásanna pobail;
  • Athchóiriú áiseanna pobail agus spóirt, lena n-áirítear athbheochan agus feabhsú spásanna pobail, caitheamh aimsire agus spóirt;
  • Obair a thacaíonn le gníomhaíochtaí cultúrtha, oidhreachta agus Gaeilge;
  • Riarachán pobail agus bainistiú imeachtaí pobail;
  • Oiliúnóireacht le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt;
  • Deisiú trealaimh le haghaidh tíortha i mbéal forbartha — uirlisí feirme, rothair, ríomhairí, innill fuála, trealamh sláinte srl.

Tuilleadh eolais le fáil ag www.welfare.ie

Scéim Tús Nua

Díríonn an scéim Tús Nua ar fhostaíocht lán aimsire a chur ar fail do dhaoine atá os cionn 35 bliain d’aois agus a bhí dífhostaithe le breis agus cuig bliana agus iad ag fáil liúntas dífhostaíochta le linn an tréimhse sin.

De bharr athruithe a rinne an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i 2004, tá cosc ar earcaíocht ar an scéim, cé go ndéantar conraithe na rannpháirtithe reatha a athnuachan.

Is í aidhm na scéime tacú le daoine a bhí dífhostaithe ar feadh tréimhse fada a ullmhú le dul i mbun deiseanna oibre.

Foirmeacha Iarratais