Muintearas

Muintearas Teo.
An Chlúid i dTír an Fhia

Fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta is ea Muintearas Teo. atá á mhaoiniú chun cuspóirí áirithe forbartha oideachais, teanga, óige agus pobail a bhaint amach. Cuireann Muintearas Teo. béim den chuid is mó ar mhaolú ar an míbhuntáiste sa soláthar oideachais/oiliúna Gaeltachta, ar chothromaíocht deiseanna a bhaint amach don Ghaeltacht agus ar an nGaeilge mar mheán teagaisc san oideachas Gaeltachta a threisiú. Áirítear na réimsí seo a leanas mar phríomhréimsí oibre an chomhlachta - luathfhorbairt an linbh, an réimse oideachais, an óige, cúrsaí nuatheicneolaíochta, cumarsáid agus oideachas fadsaoil pobail. I gcomhar leis an Údarás, cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, SOLAS agus POBAL foinsí maoinithe eile ar fáil do réimsí éagsúla tionscadail atá á n-eagrú aige.