Cé muid

Tá foireann tiománta ag Údarás na Gaeltachta atá ag obair i gcúig Oifigí Réigiúnacha agus ag clúdach na seacht gceantar Gaeltachta agus ag cur seirbhísí tacaíochta ar fáil ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus ag cur feidhmeanna na heagraíochta i dtaca le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, cur chun cinn na teanga agus an chultúir Ghaelaigh agus gníomhaíochtaí forbartha pobail i bhfeidhm.