Ag Tosú Gnó

Image of Skelligs Chocolate Factory

Tá go leor tacaíochta ar fáil ón Údarás maidir le gnó a bhunú sa Ghaeltacht agus do dhaoine atá ag dul i mbún gnó don chéad uair sa Ghaeltacht. Gheobhaidh tú eolas anseo maidir leis an tslí gur féidir leis an Údarás cabhrú leat do ghnó féin a thosú. Gheobhaidh tú eolas ginearálta chomh maith ar conas do ghnó féin a thosú.

 

Ar dtacaíochtaí:

Taithí

Tá cabhair tugtha ag Údarás na Gaeltachta do na céadta daoine cosúil leatsa a ngnó a chur ar bun. Labhair linn faoi do smaoineamh agus feicfimid cén tslí a mbeimid in ann an chabhair is fearr a thabhairt duit.

Teagmhálacha

Is féidir linn tú a chur i dteagmháil le heagraíochtaí eile a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt duit. Reáchtálann muid Scéim Mheantóireachta chomh maith le cabhrú le gnóthaí nua saineolas seachtrach a aimsiú.

Cúrsaí Airgid

Tá réimse scéimeanna tacaíochta airgeadais á gcur ar fáil againn a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach duit. Ní bheidh gach togra i dteideal deontas a fháil, ach tabharfaimid gach cúnamh is féidir duit. I measc na dtacaíochtaí airgeadais atá ar fáil tá Deontais ‘Céad Chéim’ do dhaoine atá ag dul i mbun gnó don chéad uair.

Féidearthacht

Tá Deontas Staidéir Féidearthachta ar fáil le cuidiú leat measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht do choincheapa ghnó. Is féidir leat suas le leath na gcostas a bhaineann leis an gcéim fhiosraithe a fháil ar ais.

Foireann

Más ag lorg traenála d’fhoireann nua nó traenáil bainistíochta duit féin atá tú, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal tacaíocht airgeadais a fháil. Cuirfimid ar an eolas tú maidir le cúrsaí oiliúna.

Áitribh

Is féidir linn cúnamh a thabhairt duit maidir le do chuid riachtanais spáis, cé acu spás oifige, ceardlainne nó déantúsaíochta atá de dhíth ort. Tá spásanna le ligean againn ar fud na Gaeltachta mar aon le spásanna i gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta.

Margadh

Soláthraímid comhairle ionas go mbeidh tú in ann taighde a dhéanamh ar an margadh chun gur féidir leat fíorfhéidearthacht do ghnó a chinntiú.