Dún na nGall

Teach solais Fanad, Dún na nGall
Teach solais Fhánada, Dún na nGall

Is é Dún na nGall an contae is faide siar ó thuaidh in Éirinn. Áirítear Leitir Ceanainn, Bun Cranncha agus Baile Dhún na nGall mar phríomhbhailte an chontae. Tá Gaeltacht Dhún na nGall lonnaithe den chuid is mó in iarthar an chontae. Cuimsíonn Gaeltacht Dhún na nGall dúichí ar nós na Rosann, Ghaoth Dobhair, Ghleann Cholm Cille agus Fhánada.

 

Turasóireacht

Tá cáil ar Ghaeltacht Dhún na nGall mar cheantar fíorálainn, tarraingteach agus uathúil ó thaobh tírdhreacha de. Tá go leor acmhainní sa chontae ar féidir le cuairteoirí agus muintir na háite sult a bhaint astu. I measc na n-acmhainní nádúrtha sa cheantar Gaeltachta tá aillte Shliabh Liag, aillte dochreidte ar chósta theas an chontae, agus An Earagail, an sliabh is airde sa chontae atá mar chomhartha sóirt don cheantar. Tá láithreacha oidhreachta suimiúla sa cheantar le cuairt a thabhairt orthu chomh maith – Teach Solais Fhánada ina measc. Ceantar é Gaeltacht Dhún na nGall atá ag cur thar maoil le saibhreas cultúrtha agus teanga freisin agus is iomaí ealaíontóir cumasach a tógadh ann. Tá deiseanna iomadúla ceol an cheantair a chloisteáil ag seisiúin ceoil agus reáchtáiltear go leor féilte agus imeachtaí ar fud an cheantair i gcaitheamh na bliana chun saibhreas cultúrtha na háite a cheiliúradh.

Fiontraíocht & Pobal

Tá geilleagar láidir i nGaeltacht Dún na nGall. I measc na dtionscal agus na n-earnálacha atá ar fud an chontae tá déantúsaíocht, táirgí leighis agus sláinte, innealtóireacht, próiseáil bia agus an tionscal teicstíle ar ndóigh. Tá Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair ina lárionad do chúrsaí fiontraíochta i nGaeltacht Dhún na nGall, ach tá spásanna ar fud an chontae ag Údarás na Gaeltachta le ligean le gnóthaí nua agus bunaithe. Mar aon le spásanna níos traidisiúnta, tá gréasán de mhoil dhigiteacha (an gréasán gteic) á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall, agus tá na spásanna nua-aimseartha seo ag freastal go háirithe ar ghnóthaí nua agus beaga, ar chianoibrithe, agus ar fhiontraithe.

Tá go leor tacaíochtaí ar fáil ó Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí agus d’fhiontraithe sa cheantar agus neart áiseanna ar nós siopaí, bialanna agus scoileanna ar fáil don phobal chomh maith. Pobail láidre a mhaireann as lámha a chéile atá i bpobail Ghaeltachta Dhún na nGall agus saol réchúiseach, síochánta pobalbhunaithe atá ar fáil sa cheantar. Scoite amach ó bhrú agus deargiomaíocht na gcathracha, tá saol atá nasctha leis an am atá caite ach ceangailte leis an nuálaíocht chomh maith ar fáil anseo.

Firicí

  • Tá daonra de 166321 (Daonáireamh 2022) i nDún na nGall agus daonra de 23,346 sna ceantair Ghaeltachta. Is ionann seo agus 23.4% de dhaonra iomlán na Gaeltachta.
  • Tá 1,502km2 d’achar geografach i nGaeltacht Dhún na nGall. Is ionann seo agus 26% de thalamh uile na Gaeltachta.
  • Ciallaíonn Dún na nGall “Dún an eachtrannaigh” mar gheall gur cuireadh deireadh leis na ruathair a rinne na Lochlannaigh ar an gcontae san 8ú agus 9ú céad. Tugtar ‘Tír Chonaill’ ar an gceantar chomh maith – baineann an t-ainm sin le hiarthar an chontae amháin go stairiúil

Córais Iompair

Seo a leanas na príomhbhóithre náisiúnta go Dún na nGall as:

  • Baile Átha Cliath – M2/N2, M1 nó M3/N3
  • Béal Feirste – M2
  • Gaillimh – M18/N17
  • Sligeach – N15
  • Doire – N13

Seirbhísí Aeir

Seirbhísí Bus

Cuireann Bus Éireann seirbhís ar fáil ó chontaetha ar fud na tíre go Dún na nGall. Cuireann go leor comhlachtaí príobháideacha seirbhís bhus ar fáil go Dún na nGall chomh maith.
Tuilleadh eolais: www.buseireann.ie
www.busfeda.ie

Seirbhísí Leighis

Ospidéal Leitir Ceanainn

Oideachas Tríú Leibhéal sa réigiún

Áiseanna Caithimh Aimsire

Tá gach ní a bheadh á lorg ó thaobh caitheamh aimsire ar fáil i gContae Dhún na nGall, idir ghalf, eachaíocht, siúlóidí, iascaireacht shlaite, iascaireacht, spórt uisce, ealaíona agus ceardaíocht agus rothaíocht.

Tuilleadh eolais:
www.irelandnorthwest.ie
www.discoverireland.com
www.govisitdonegal.com

Cliantchuideachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta i gcontae Dhún na nGall