Oiliúint

Aidhm an Chláir Oideachais & Oiliúna

Is é an cuspóir straitéiseach atá ag an Údarás i ngeall ar an réimse forbartha oideachais agus oiliúna ná cur le bunús agus caighdeán scileanna mhuintir na Gaeltachta. Tá forbairt na n-acmhainní seo mar bhunchloch do chomhdhéanamh agus d’fheidhmiú an chláir ghinearálta forbartha atá á maoiniú ag an Údarás.

Cuireann an infheistíocht seo lenár gcumas réimse tionscnaimh oiliúna agus oideachais a mhaoiniú atá ceangailte go dlúth le straitéis forbartha a thugann aghaidh ar fhorbairt chomhtháite na Gaeltachta.  Mar chuid den straitéis seo tá béim ar leith curtha

  1. a) ar an bhforbairt gheilleagrach agus fostaíochta, agus
  2. b) ar an réimse forbartha pobail agus pleanála teanga.

Is iad siúd an dá chrann taca i gcur chun cinn agus i bhfeidhmiú mór-aidhm na heagraíochta, is é sin, pobal inmharthana a shlánú sna limistéir forbartha Ghaeltachta trí thacú leis na pobail sin an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt mar ghnáth-theanga urlabhartha iontu.