Cód Iompair don Bhord agus d‘Fhostaithe

De réir Chód Cleachtais um Rialú Comhlachtaí Stáit a d’eisigh an Roinn Airgeadais in 2001, tá cód iompair ag an Údarás don Bhord agus d’fhostaithe.

Brúigh anseo chun féachaint ar an leagan is déanaí den chód iompair. Ós rud é gurb í an Ghaeilge teanga oibre an Údaráis, is i nGaeilge amháin atá an cháipéis seo ar fáil.

 

Ní ghlacfaidh Údarás na Gaeltachta le breabaireacht ná gnéithe eile caimiléireachta. Déanann Údarás na Gaeltachta, trína Chód Iompair, cultúr oibre a chur chun cinn inar gcinnteofar nach nglacfar riamh le hiompar breabaireachta ná éillithe.

Achoimre ar an gcód iompair

An cuspóir atá leis an gcód ná a chinntiú go ndéanann an tÚdarás na nithe seo a leanas:

  • Gníomhú de réir caighdeáin aitheanta eitice,
  • Cothú agus caomhnú muiníne agus iontaoibh,
  • Féachaint le cleachtais neamheiticiúla a chosc agus a sheachaint.

Cuireann an cód iompair san áireamh na gnéithe a leagtar amach in Aguisín B den Chód Cleachtais um Rialú Comhlachtaí Stáit.  Áiríonn sé nithe amhail dualgais agus dílseacht don Údarás, iontaoibh agus coinbhleacht leasa a sheachaint, teorainn a chur le gníomhaíochtaí lasmuigh den Údarás, glacadh le bronntanais agus a bheith macánta in aon bheartaíocht; rochtain chóir chothrom ar eolas maille le meas a bheith ar rúndacht, dualgais reachtúla a chomhlíonadh, a chinntiú go bhfuil timpeallacht shásúil oibre agus sheachtrach ann, glacadh go cuí le freagracht, agus tiomantas d’athbhreithniú a dhéanamh ar an gcód de réir mar is iomchuí.

Ina theannta sin, caithfidh gach Comhalta Boird agus iad siúd a bhfuil post acu atá ainmnithe faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 forálacha éagsúla iomchuí an Achta sin a chomhlíonadh. Tá forálacha maidir le nochtadh leasa leagtha síos in Alt 12 d’Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999, freisin.