Ráiteas príobháideachta

Tá meas ag Údarás na Gaeltachta ar chearta gach úsáideoir dár gcuid seirbhís ar líne agus tá do chuid príobháideachais an-tábhachtach dúinn. Leagtar síos sa bpolasaí príobháideachais seo an bealach a mbailimid agus a n-úsáidimid eolas nuair a úsáideann tú ár láithreán gréasáin agus cuntais na meán sóisialta.

Gheobhaidh tú eolas anseo ar:

  • Cén uair a d’fhéadfadh Údarás na Gaeltachta déileáil le do chuid faisnéis phearsanta
  • An bealach a ndéileálfar le do chuid faisnéis phearsanta
  • Do chuid cearta maidir le d’fhaisnéis phearsanta
  • Na meáin shóisialta agus láithreáin gréasáin tríú páirtí
  • Faisnéis phearsanta íogair
  • Beartas Fianán
  • Cé atá ag eisiúint an fhógra seo agus an fáth atá leis

Tá feidhmeanna Údarás na Gaeltachta leagtha amach in alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 [“an Príomh-Acht”] arna leasú leis an Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999 [“Acht 1999”] agus le hAcht na Gaeltachta 2012 [“Acht 2012”]. Déantar tagairt sa leagan leasaithe, mar shampla, d’fhorbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn, agus do chúnamh a sholáthar d’eagraíochtaí i leith pleananna Gaeilge a fhorbairt, de réir bhrí Chuid 2 d’Acht na Gaeltachta, 2012, don Ghaeltacht.

Is é Údarás na Gaeltachta an comhlacht reachtúil a bhainistíonn agus a thacaíonn leis an obair atá riachtanach le gur féidir le hÚdarás na Gaeltachta feidhmiú.

Is é seoladh Údarás na Gaeltachta ná Na Forbacha, Co. na Gaillimhe. Is é an t-oifigeach cosanta sonraí de chuid an Údaráis an duine lena ndéanfar teagmháil de ghnáth maidir le nithe lena mbaineann an polasaí príobháideachais seo.

Tá Údarás na Gaeltachta ag éisiúint an fhógra príobháideachais seo de bharr na ndualgas atá air faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018. Beidh feidhm leis an bpolasaí príobháideachais seo ón data sin.

An t-oifigeach cosanta sonraí

Má bhíonn aon údar imní ort nó má bhíonn aon cheist agat faoin mbealach a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta tríd an láithreán gréasáin seo, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh lenár n-oifigeach cosanta sonraí:

Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe
H91 TY22
acs@udaras.ie

Míníú ar rialaitheoir agus próiseálaí

Ionas cur síos a dhéanamh ar an méid a tharlóidh do do chuid faisnéis phearsanta nuair a úsáideann tú an láithreán gréasáin www.udaras.ie, caithfidh Údarás na Gaeltachta cúpla téarma dlí a mhíniú duit.

Go hiondúil socraíonn Údarás na Gaeltachta céard a tharlaíonn do do chuid faisneis phearsanta, agus an bealach a ndéileáiltear leis an bhfaisnéis sin. Is é Údarás na Gaeltachta ansin rialaitheoir do chuid faisnéis phearsanta. Is é Údarás na Gaeltachta rialaitheoir do chuid faisnéis phearsanta má chuireann tú, mar shampla do chuid faisnéis phearsanta ar fáil maidir le ceist ghinearálta/ghnó. Uaireanta úsáideann Údarás na Gaeltachta próiseálaithe chun déileáil le do chuid faisnéis phearsanta thar ceann na heagraíochta. Go deimhin, uaireanta cuireann siad seo fochonradh chuig fophróiseálaithe. Tá gach ceann dóibh sin faoi cheangal ag conradh le hÚdarás na Gaeltachta chun do chuid faisnéis phearsanta, do phríobháideachas agus cearta eile lena mbaineann a chosaint.

Údarás agus cead chun úsáid a bhaint as faisnéis phearsanta – coinníollacha ábhartha

Tá na forais ar a ndéileálfaidh Údarás na Gaeltachta (An tÚdarás) le faisnéis phearsanta a bhaineann leatsa agus le daoine eile, chomh maith le roinnt samplaí coitianta, á leagan síos ag an Údarás sa bpolasaí príobháideachais seo. Ina theannta sin, tá An tÚdarás do do chur ar an eolas faoi na coinníollacha a bhfuil feidhm acu (ar mhaithe le do phríobháideachas a chosaint go minic) maidir leis an gcaoi ar féidir leis an eagraíocht déileáil le faisnéis phearsanta. Má thagann cúinsí neamhghnácha nach gclúdaítear sa bpolasaí príobháideachais seo chun cinn, cuirfidh An tÚdarás an méid sin in iúl duit go sonrach.

Nuair a thugann tú cuairt ar www.udaras.ie

Nuair a thugann tú cuairt ar udaras.ie aisghabhtar go huathoibríoch roinnt eolais faoi do chuairt ar an láithreán gréasáin. Áirítear a leanas an t-eolas a d’fhéadfaí a aisghabháil:

  • do sheoladh IP – sonraí sainaitheanta do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín), a chuirtear in iúl mar chód prótacal Idirlín (IP) (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh uathúil IP ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé go bhféadfadh an seoladh a bheith difriúil gach uair a dhéantar ceangal.
  • na téarmaí cuardaigh a d’úsáid tú
  • na leathanaigh a bhfuair tú rochtain orthu ar an láithreán gréasáin agus na naisc a chliceáil tú
  • an dáta agus an t-am ar thug tú cuairt ar an láithreán
  • an láithreán (más ann dó) lenar tarchuireadh tú chuig an láithreán seo
  • do chóras oibriúcháin (mar shampla Windows nó Mac)
    an cineál brabhsálaí gréasáin a úsáideann tú (mar shampla Chrome, Internet Explorer, Mozilla Firefox)
  • faisnéis eile, amhail do thaifeach scáileáin agus príomhtheanga do bhrabhsálaí.

Beidh an fhaisnéis staidrimh sin ar fáil do bhaill foirne Údarás na Gaeltachta, do chonraitheoirí nó do thríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí riaracháin agus/nó tacaíochta don láithreán gréasáin. Baintear leas as an bhfaisnéis chun tuarascálacha achoimre a ullmhú maidir le húsáid agus feidhmíocht na seirbhísí ar líne de chuid an Údaráis, agus chun cabhrú leis an eagraíocht anailís agus feabhsú a dhéanamh ar inneachar agus ar fheidhmiúlacht an láithreáin gréasáin. Ní úsáideann An tÚdarás aon chuid den fhaisnéis thuas chun cuairteoirí a aithint go pearsanta. Ní úsáidtear an fhaisnéis ach i bhfoirm chomhiomlán.

Nuair a sholáthraíonn tú sonraí ríomhphoist d’Údarás na Gaeltachta

Nuair a sholáthraíonn tú do sheoladh ríomhphoist don Údarás maidir le rud éigin is féidir leis an Údarás a dhéanamh duit mar rialaitheoir, ní úsáidfidh An tÚdarás an fhaisnéis phearsanta sin ach amháin chun na críche a thuairiscítear ar an láithreán gréasáin. Baineann rialacha níos doichte le faisnéis phearsanta íogair. Is annamh a bheidh an cineál faisnéise pearsanta a thabharfaidh tú don Údarás íogair.

Baineann na prionsabail seo leatsa go ginearálta freisin. Corruair beidh tú i do rialaitheoir ar fhaisnéis phearsanta i gcomhpháirt leis an Údarás. Táimid ag súil go mbeidh an fhaisnéis phearsanta a fhaighimid ag teacht leis an gcuspóir dá soláthraítear an nasc ríomhphoist. Mura mbeidh, déanfaimid í a scriosadh de ghnáth.

I bhformhór na gcásanna ina ndéileálann An tÚdarás le do chuid faisnéis phearsanta mar go n-úsáideann tú an láithreán gréasáin, déileálfaidh An tÚdarás leis an bhfaisnéis phearsanta sin ar bhonn do thoilithe. Má tá tú ag iarraidh ar an Údarás déileáil le faisnéis phearsanta íogair, is gnách go n-éileoidh An tÚdarás go mbeidh do thoiliú an-sonrach agus i scríbhinn. Féadfaidh tú toiliú thar ceann duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois má tá freagracht tuismitheora ort i leith an duine sin (áirítear leis sin caomhnóir dlíthiúil, mar shampla). Tá cead agat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith. Ní dhéanfaidh sé sin difear don bhealach ar dhéileáil An tÚdarás leis an bhfaisnéis phearsanta cheana féin, ach ní bheidh An tÚdarás in ann déileáil leis an bhfaisnéis phearsanta a thuilleadh. Maidir le foláirimh ríomhphoist, beidh meicníocht shoiléir ar fáil duit i ngach cás chun do sheoladh ríomhphoist a bhaint ónár liosta seoltaí. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar ar bhealach atá chomh héasca leis an mbealach ar thug tú é (mar shampla, má thug tú toiliú go leictreonach, féadfaidh tú é a tharraingt siar go leictreonach).

Forais eile chun déileáil le faisnéis phearsanta

Is ann d’fhorais eile ar a ndéileálfaidh An tÚdarás le do chuid faisnéis phearsanta, ach ní móide go dtiocfaidh siad chun cinn agus an láithreán gréasáin á úsáid agat. Mar shampla, déileálfaidh An tÚdarás le do chuid faisnéis phearsanta i gcás ina n-éilítear an méid sin le dlí. Tá An tÚdarás, mar chomhlacht poiblí, faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise agus, cé go mbíonn an cineál faisnéise pearsanta a sholáthraíonn tú le linn chun an láithreán gréasáin a úsáid díolmhaithe ó nochtadh faoin Acht sin de ghnáth, ní féidir a bheith cinnte go mbeidh díolúine ann. Ina theannta sin, caithfidh An tÚdarás déileáil le do chuid faisnéis phearsanta má fheidhmíonn tú cearta faoin dlí um chosaint sonraí. Déileálfaidh An tÚdarás le do chuid faisnéis phearsanta i gcás inar gá sin chun éileamh dlíthiúil a chruthú (lena n-áirítear a imscrúdú), a fheidhmiú nó a chosaint, lena n-áirítear í a nochtadh dá chomhairleoirí dlí agus in imeachtaí os comhair aon chúirt, binse, eadránaí, idirghabhálaí, nó eintiteas dá samhail is iomchuí. Tá cead ag an Údarás déileáil le faisnéis phearsanta duine d’fhonn leasanna ríthábhachtacha an duine, nó duine éigin eile, a chosaint. Féadfaidh An tÚdarás déileáil le faisnéis phearsanta ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údarás oifigiúil.

Cén bealach a ndéileálfar leis an bhfaisnéis phearsanta

Déantar an cineál faisnéise pearsanta a thugann tú don Údarás mar rialaitheoir a choinneáil laistigh den Údarás de ghnáth, ach tá eisceachtaí ann. Mar shampla, úsáideann An tÚdarás próiseálaí chun déileáil le do chuid faisnéis phearsanta nuair is gá sin chun foláirimh ríomhphoist a chur chugat, ar foláirimh iad a bhfuil tú cláraithe lena n-aghaidh.
I gcásanna neamhchoitianta, féadfar do chuid faisnéis phearsanta a nochtadh do chomhairleoirí dlí an Údaráis, do dhaoine nó comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le díospóid dhlíthiúil, nó don Gharda Síochána.

Faisnéis a aistriú chuig tríú tíortha

Níos minice ná a mhalairt, déanfar faisnéis phearsanta lena mbaineann an polasaí príobháideachais seo agus a ndéileálann An tÚdarás léi a choinneáil laistigh den Aontas Eorpach. Is eisceacht a bheadh in aistriú chuig fophróiseálaí a mbeadh lonnaíocht taobh amuigh den Aontas Eorpach acu. D’fhéadfadh cásanna eile a bheith i gceist ó am go ham. Déantar foráil speisialta in aon chonradh idir An tÚdarás agus próiseálaí lasmuigh den Aontas Eorpach, nó próiseálaí a úsáideann fophróiseálaí lasmuigh den Aontas Eorpach, chun do chuid faisnéis phearsanta, do phríobháideachas agus cearta eile ina leith a chosaint.

Faisnéis a choinneáil

Maidir le faisnéis phearsanta, ní dhéanfaidh An tÚdarás í a choinneáil ach le haghaidh na tréimhse ama atá riachtanach chun na gcríoch a leagtar amach sa bpolasaí príobháideachais seo, de réir a sceidil coinneála, nó de réir mar a cheanglaítear leis an dlí, cibé acu is faide. Mar shampla, déantar faisnéis phearsanta a thugann tú don Údarás i dtaca le foláirimh ríomhphoist a choinneáil fad is atá tú liostáilte, ach scriostar í tar éis duit díliostáil. Coinnítear fiosrúcháin i dtaobh na meán ar feadh cúig bliana.

Ag déileáil le faisnéis ar bhealaí eile

B’annamh a dhéileálfadh An tÚdarás le faisnéis phearsanta chun aon chríche seachas an chríoch dá bhfuair sé an fhaisnéis. Más gá don Údarás déileáil leis an bhfaisnéis ar bhealach eile, cuirfidh sé an méid sin in iúl duit sula ndéileálann sé léi.

Do chearta maidir le do chuid faisnéis phearsanta

Féadfaidh tú cóip de do chuid faisnéis phearsanta a iarraidh ar an Údarás. Féadfaidh tú iarraidh ar an Údarás do chuid faisnéis phearsanta a fhorlíonadh nó a cheartú má bhíonn sí neamhiomlán nó mícheart (nó as dáta). D’fhéadfá iarraidh ar an Údarás faisnéis phearsanta a scriosadh, go háirithe má rinne tú do thoiliú (maidir leis an Údarás a bheith ag déileáil leis an bhfaisnéis) a tharraingt siar nó mura mbíonn sí ag teastáil ón Údarás a thuilleadh, nó gan déileáil léi de thuras na huaire, mar shampla, má cheapann tú go bhfuil sí mícheart. Má tá An tÚdarás ag déileáil le do chuid faisnéis phearsanta ar bhonn do thoilithe, is gnách go bhféadfaidh tú éileamh ar an Údarás í a chur ar aghaidh chuig duine éigin eile atá ainmnithe agat. Maidir leis an Údarás a bheith ag déileáil le faisnéis phearsanta, a bhfuil sé ag déileáil léi i bhfeidhmiú údarás oifigiúil nó ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh tú agóid a dhéanamh ina choinne sin tráth ar bith. Tá an teidlíocht sin faoi réir mórán coinníollacha dlí, áfach, ag brath ar an bhfaisnéis phearsanta agus an fáth a bhfuil An tÚdarás ag déileáil léi. Tá tú i dteideal gan a bheith faoi réir cinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú.

Sásamh

Mura mbíonn tú sásta leis an gcaoi a bhfuil An tÚdarás ag déileáil le do chuid faisnéis phearsanta, féadfaidh tú aird an Choimisinéara Cosanta Sonraí a tharraingt ar do mhíshástacht.

Na meáin shóisialta

Tá láithreacht ag an Údarás ar chúpla ardán meán sóisialta, Twitter, Facebook, LinkedIn, Instagram, Pinterest, YouTube agus Vimeo san áireamh. Má sheolann tú aon fhaisnéis, aon chumarsáid ná aon ábhair chuig an Údarás trí ardán meán sóisialta, is ar do phriacal féin a dhéanfaidh tú amhlaidh agus ní bheidh aon ionchas príobháideachais ag gabháil leis sin. Ní féidir leis an Údarás na rudaí a dhéanann úsáideoirí eile na n-ardán sin a rialú ná gníomhartha na n-ardán iad féin. Tá idirghníomhaíocht leis na gnéithe agus na hardáin sin á rialú le beartais phríobháideachais na gcuideachtaí a sholáthraíonn iad.

Láithreáin gréasáin tríú páirtí

Tá naisc chuig láithreáin gréasáin eile le fáil ar an láithreán gréasáin. Tá a mbeartais phríobháideachais féin ag láithreáin gréasáin tríú páirtí agus is dóigh go n-úsáidfidh siad fianáin freisin. Molann An tÚdarás duit polasaí príobháideachais aon láithreán gréasáin a dtugann tú cuairt air a léamh go cúramach.

Faisnéis phearsanta íogair

Ciallaíonn faisnéis phearsanta íogair faisnéis phearsanta faoi dhaoine (ó thaobh an mhéid seo a leanas de):

  • cine
  • cúlra eitneach
  • tuairimí polaitíochta
  • creideamh
  • tuairimí fealsúnachta
  • ballraíocht de cheardchumann
  • géinte (oidhreacht bhitheolaíoch)
  • sonraí bithmhéadracha (ar nós méarlorg ar phas)
  • sláinte
  • saol gnéis
  • gnéaschlaonadh
  • coimisiúnú cionta coiriúla líomhnaithe
  • ciontuithe coiriúla
  • a bheith faoi réir bearta slándála a bhaineann le cionta nó ciontuithe coiriúla
    Beartas fianán

Céard is fianáin ann?
Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs. Is le láithreáin gréasáin a chuirtear ar do ríomhaire iad. Is féidir leis an láithreán gréasáin fianáin áirithe a léamh ar do chuairteanna ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh an fhaisnéis atá stóráilte i bhfianán a bheith ag baint le do ghnásanna brabhsála ar an leathanach gréasáin nó le huimhir uathúil aitheantais a fhágann gur féidir leis an láithreán gréasáin cuimhneamh ort agus tú ag tabhairt cuairt ar an láithreán ina dhiaidh sin. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí gréasáin. Ní bhaineann siad sin ach le hoibriú an láithreáin gréasáin, áfach. Go ginearálta, ní áirítear i bhfianáin aon fhaisnéis phearsanta ónar féidir tú a aithint, ach amháin i gcás gur thug tú faisnéis phearsanta don láithrean gréasáin.

Cén uair a úsáideann láithreáin gréasáin Údarás na Gaeltachta fianáin?

Úsáideann udaras.ie fianáin i roinnt áiteanna:

Úsáidtear fianáin anailíseacha ó Google Analytics ar fud an láithreáin gréasáin. Bailíonn na fianáin sin faisnéis. Úsáidtear an fhaisnéis i bhfoirm chomhiomlán chun cabhrú leis an Údarás tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil úsáid á baint as a láithreán gréasáin.
Fianáin tríú páirtí

Ní le hÚdarás na Gaeltachta a bhaineann fianáin áirithe atá socraithe ar láithreán gréasáin an Údaráis. Má thugann tú cuairt ar leathanach ar láithreán gréasáin an Údaráis ar a bhfuil ábhar leabaithe ó láithreáin eile, YouTube mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh a fhianáin féin in úsáid ag an soláthraí seirbhíse sin. Ní rialaíonn An tÚdarás úsáid na bhfianán sin – níl na fianáin inrochtana ach amháin ag an bpáirtí a shocraigh iad i dtosach. Ba cheart duit na láithreáin gréasáin tríú páirtí lena mbaineann a sheiceáil chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na fianáin sin.