Is féidir leis an Údarás réimse de dhreasachtaí airgid i bhfoirm deontais a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais éagsúla do ghnó. I measc na ndreasachtaí tacaíochta tá:
Tá an deontas staidéar féidearthachta ar fáil do ghrúpaí, eagraíochtaí, gnólachtaí nó daoine aonaracha le tacú leo na féidearthachtaí a bhaineann le gnó a bhunú nó a fhorbairt a mheas.
Is féidir deontas a íoc ar chuid shuntasach de chostas staidéar féidearthachta. I measc na gcostas inghlactha tá tuarastail agus pá foirne, costas comhairleoirí, taisteal agus cothabháil riachtanach, agus barrchostais eile atá ceangailte go díreach leis an staidéar.
Tá deontais taighde agus forbartha ar fáil do ghnólachtaí atá chun tabhairt faoi fhorbairtí táirgí, seirbhísí nó próisis nua a chuirfidh le cumas a ngnó fás agus forbairt sa mhargadh.
Is féidir deontas a íoc ar chostais atá ceangailte go díreach leis an gclár taighde agus forbartha. San áireamh sna costais sin tá tuarastail foirne, úsáid sócmhainní do thréimhse agus don mhéid lena mbaineann siad leis an taighde, comhairleoirí nó conraitheoirí taighde, barrchostais agus bunábhar, taisteal agus cothabháil agus aon cheadúnas nó paitinn atá riachtanach don taighde agus forbairt.
Tá an Scéim Trádála Ar Líne á sholáthar chun tacú le gnóthaí Gaeltachta atá ag fulaingt de bharr na géarchéime COVID-19. Tugadh an scéim seo isteach in 2017 ar dtús chun líon na ngnóthaí Gaeltachta ag trádáil ar líne a mhéadú agus méadú a dhéanamh ar dhíolacháin ghnóthaí Gaeltachta ar líne. Sa bhreis ar an ngnáth-éileamh atá ar an tacaíocht seo, aithnítear de bharr na staide eisceachtúla atá ann faoi láthair mar gheall ar COVID-19, go bhfuil gnóthaí faoi bhrú agus go bhfuil cuid acu ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh ar líne.
Tá tacaíocht luachmhar tugtha ag an scéim seo do ghnóthaí beaga agus móra le blianta anuas chun cur lena gcumas margaí nua a aimsiú agus líon níos mó seirbhísí agus táirgí a dhíol ‘ar-líne’ agus, mar thoradh air seo, tacú le buanú agus forbairt na bunsraithe fostaíochta i rith an tréimhse seo.
Spriocdháta d’iarratais nua
Beidh an glaoch seo den Scéim Trádála Ar Líne á dhúnadh d’iarratais nua ag 5in ar an 30/09/2020 nó ar ídiú an chiste reatha cibé acu is túisce. Faoi láthair (11/09/2020) tá líon teoranta dearbháin ar fáil a thacóidh go mór le comhlachtaí Gaeltachta cur lena gcumas trádáil ar líne agus déileálfar leo seo go docht de réir an oird ina bhfaightear iarratais atá comhlánaithe ina niomláine.
Méid agus Ráta an Deontais
Faoin Scéim Trádála Ar Líne íoctar uasmhéid deontais suas le €2,500, nó 90% de chaiteachas incháilithe, gan CBL san áireamh, cibé acu is lú, le gnóthaí incháilithe chun a gcumas trádála ‘ar líne’ a fhorbairt agus a threisiú.*
Critéir Incháilithe
Glacfar le hiarratais a bhaineann le Seirbhísí Trádála Ar Líne sna réimsí seo a leanas:
Céard len aghaidh ar féidir an deontas a úsáid?
Meastóireacht
Is ar bhunús na gcritéir seo a dhéanfar na hiarratais a mheas:
Céard iad na tionscadail atá neamh-incháilithe don scéim?
Cén réimse nach féidir an deontas a úsáid len aghaidh?
Eolas maidir le riaradh na Scéime
Seol an fhoirm iarratais comhlíonta chuig Tradala@udaras.ie
Cuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh i bhfoirm deontas caipitil nó fostaíochta ar fáil d’fhiontair atá ag tabhairt faoi infheistíocht chéad uaire sa Ghaeltacht.
Áirítear na tionscnaimh seo a leanas i réimsí gnó ar leith mar fhiontair a mbíonn infheistíocht chéad uaire i gceist leo:
Éadáil na sócmhainní caipitil atá nasctha go díreach leis an bhfiontar, i gcás gur dhún an fiontar síos nó go mbeadh sé tar éis dúnadh síos murar ceannaíodh é, agus ceannaíonn infheisteoir neamhspleách na sócmhainní. Ní hinfheistíocht tosaigh atá i gceist murar tharla ach éadáil ar scaireanna an ghnóthais.
Is féidir deontas caipitil a íoc i gcás ina bhfuil infheistíocht aon uaire á dhéanamh i sócmhainní dochta nó neamhábhartha.
Is féidir gur maoin mar shuíomh, foirgneamh gnó nó innealra agus gléasra a bheadh i gceist le sócmhainní dochta agus gur aistriú teicneolaíochta, paitinn, ceadúnais nó eolas teicniúil gan phaitinn a bheadh i gceist le sócmhainní neamhábhartha.
Is féidir deontas i gcoinne costas infheistíochta chéad uaire a íoc freisin i bhfoirm deontas fostaíochta. Bunaítear leibhéal an chúnaimh ar chostais phá mheasta na bpost nua a chruthaítear thar an gcéad dá bhliain de thoradh na hinfheistíochta.
Is féidir deontas fostaíochta a íoc i leith post páirtaimseartha nó lánaimseartha agus braitheann méid an deontais ar leibhéal scil na bpost agus a thionchar sin ar thuarastal na foirne.Tá tionchar ag suíomh geografach an tionscadail ar an méid cúnaimh iníoctha.
Íoctar leath an deontais nuair a chuirtear an post ar bun agus is iondúil go n-íoctar an t-iarmhéid nuair a bhíonn an post bunaithe ar feadh tréimhse nach lú ná sé mhí.
Bíonn scileanna agus saineolas nua ag teastáil nuair a bhíonn gnó ag leathnú nó ag éagsúlú. Tríd an deontas oiliúna, cuireann Údarás na Gaeltachta tacaíocht ar fáil do chláir oiliúna a chuireann oiliúint agus athoiliúint i réimsí nua ar fáil d’fhostaithe.
Íoctar an costas a bhaineann le hoiliúnóirí; costais taistil; ábhair/soláthairtí; treoir agus comhairleoireacht; tuarastail teagascóirí, taobh istigh de theorainn áirithe. Braitheann an méid a íoctar ar nádúr na hoiliúna, is é sin, an oiliúint shonrach í don phost sin amháin nó an oiliúint ghinearálta í a d’fhéadfaí a úsáid i bhfostaíocht eile.
Faoin gClár Náisiúnta Bia Mara Éireannach 2007-2013, tá iarratais ar chúnamh stáit faoin Scéim thuasluaite á lorg anois. Cuireann an Scéim Fhorbartha Uisceshaothraithe Thráchtála cúnamh deontais, ag ráta suas go 40% de chostais infheistíochta incháilithe, ar fáil chun forbairt tráchtála an uisceshaothraithe a fhorbairt ar bhonn atá inmharthana ó thaobh airgeadais, teicniúil agus na timpeallachta de.
Is ceart iarratais a sheoladh chuig na heagraíochtaí ag na seoltaí thíos roimh 31 Deireadh Fómhar 2014.
Déanfar na hiarratais do thacaíocht airgeadais a rangú agus cuirfear ar aghaidh iad chuig Bord Roghnaíoch do chinneadh faoi chúnamh deontais.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó Fhiontair Bheaga agus Mheánacha atá gníomhach in uisceshaothrú agus a mbeidh a gcuid pleananna infheistíochta:
Critéir
Infheistítear scaireanna i gcomhlachtaí mar chuid de phacáiste tacaíochta do thograí forbartha a bhfuil féidearthachtaí maithe fáis ag baint leo agus a bhfuil gá le maoiniú breise chun an fás a spreagadh.
Ba chóir plean gnó agus foirm iarratais a sheoladh chuig an Údarás mar chuid den iarratas.
Cuireann an deontas seo tacaíocht ar fáil d’fhiontair bheaga agus mhéanmhéide le saintaithí chomhairleoireachta a fháil lena bhforbairt fhadtéarmach a éascú.
Tá sé mar aidhm ag an scéim seo scileanna taighde margaíochta a fhorbairt d’fhiontair bheaga agus mhéanmhéide trí thacaíocht a chur ar fáil dóibh maidir le costais inmheánacha a bhaineann le taighde ar mhargaí nua i gcomhair táirgí agus seirbhísí. Clúdaítear costais phá don fhoireann atá ag obair ar an gclár margaíochta, costais taistil agus liúntas cothaithe i gcomhair na foirne céanna agus costais inmheánacha maidir le trialacha margaíochta do tháirgí/sheirbhísí ar mhargaí nua.
Tá an tacaíocht seo ar fáil faoi riail De Minimis. Is é sin, foráil ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh atá sa riail De Minimis faoina dtugtar cead rialacha cúnaimh stáit a shárú faoi réir nach sáraíonn an cúnamh iomlán faoin riail d’aon iarratasóir ar leith, cibé eagraíochtaí stáit óna dtagann an cúnamh, €200,000 in aon tréimhse 3 bliana airgeadais. Chun deontas a mholadh faoin riail caithfear é a mholadh faoi cheann nó níos mó de na scéimeanna atá ceadaithe don Údarás a fheidhmiú ach a lua go bhfuil sé á mholadh faoi riail De Minimis agus ag cloí leis na coinníollacha agus próiseas atá leagtha síos dó.
Is fiú a nótáil nach féidir foráil De Minimis a úsáid d’earnálacha na buntáirgíochta ar a n-áirítear táirgí talmhaíochta, iascaigh agus uisceshaothraithe. Baineann uasmhéid €100,000 leis an bhforáil d’fhiontar san earnáil iompair.
Is í an aidhm atá ag an deontas seo ná tacú le gnóthaí le costais a bhainfeadh le rannpháirtíocht aon uaire in aontaí trádála éagsúla. Clúdaítear caiteachas ar nós costais seastán a fháil ar cíos, a shocrú agus a rith, aertháillí eacnamaíocha agus costais chothabhála.
Céard é an Tionscnamh Dearbhán Nuálaíochta
Má tá cónaí ort sa Ghaeltacht, más úinéir nó bainisteoir tú ar chuideachta theoranta bheag agus go bhfuil tú ag iarraidh deis gnó nó constaic a fhiosrú, is féidir leat iarratas ar Dhearbhán Nuálaíochta €5,000 a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta. Is féidir an dearbhán a mhalartú chun comhairle agus saineolas a fháil ó na soláthróirí eolais atá páirteach (ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta nó eagraíochtaí taighde atá maoinithe go poiblí).
Na húsáidí gur féidir a bhaint as an Dearbhán Nuálaíochta?
Trí bheith páirteach i dtionscnamh na nDearbhán Nuálaíochta, is féidir leat díriú ar do ghnó a rith fad a bhíonn na soláthróirí eolais ag teacht ar réiteach a d’fhéadfadh do ghnó a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Tá gach cuideachta theoranta bheag sa Ghaeltacht atá cláraithe i dteideal iarratas a dhéanamh ar Dhearbhán Nuálaíochta. (Sainítear fiontar beag mar fhiontar a bhfuil níos lú ná 50 fostaí ann agus a bhfuil a láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a chlár comhardaithe bliantúil faoi bhun €10m). Níl d’eisceacht air sin ach fiontair bheaga sna hearnálacha iompair agus feirmeoireachta, faoi réir na dtreoirlínte do Chabhair Stáit.
Is féidir leat chomh maith dul isteach le gnóthaí beaga eile atá ag fáil Dearbhán Nuálaíochta chun oibriú le soláthróir eolais le réiteach a fháil ar cheisteanna a bheadh comónta dóibh uile. Tá uasmhéid de dheich gcuideachta i gceist anseo.
Na soláthróirí eolais
Is féidir le cuideachtaí dul i dteagmháil le haon Institiúid Teicneolaíochta, Ollscoil nó eagraíocht taighde a fhaigheann maoiniú poiblí ar choinníoll go bhfuil na comhlachtaí taighde sin sásta a bheith páirteach i dtionscnamh na nDearbhán Nuálaíochta.
Ní mór don soláthróir eolais agus don chuideachta a chinntiú freisin go mbeidh gach comhaontú, mar shampla, comhaontaithe a chlúdaíonn an clár oibre, na costais, neamhnochtadh agus maoin intleachtúil, sínithe ag an dá pháirtí sula gcuirtear tús leis an tionscadail.
Céard é costas iomlán an tionscadail?
Is é luach an dearbháin ná €5,000 agus úsáidtear é chun costais iomlán an tionscadail mar atá aontaithe idir an chuideachta agus an soláthróir eolais a chúiteamh. Sa chás is go mbíonn na costais deiridh os cionn €5,000, íocfaidh an chuideachta an fuílleach.
Nuair a bheidh an clár oibre críochnaithe, cuirfidh an soláthróir eolais sonrasc chuig an gcuideachta i dtaca leis an gclár oibre a bhí aontaithe. Ansin tabharfaidh an chuideachta an dearbhán ar láimh mar aon le haon airgead breise a bheidh ag teastáil chun an sonrasc a íoc. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an soláthróir eolais an dearbhán ar aghaidh chuig Údarás na Gaeltachta mar aon le tuairisc ghairid faoin tionscadail chun aisíoc €5,000 a fháil ar an dearbhán.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil an Dearbhán Nuálaíochta saor ó CBL.
An féidir le cuideachta níos mó ná dearbhán amháin a úsáid?
Is féidir le cuideachta úsáid a bhaint as an Tionscnamh Dearbhán Nuálaíochta chomh minic agus is gá. Ní féidir le cuideachta, áfach, ach dearbhán ‘gníomhach’ amháin a úsáid ag aon am. Bíonn dearbhán ‘neamhghníomhach’ nuair a bhíonn gníomhaíocht an tionscadail críochnaithe agus an dearbhán curtha ar ais ag an soláthróir eolais chuig Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhíonn an dearbhán ‘neamhghníomhach’ is féidir le cuideachta cur isteach ar dhearbhán eile do thionscadal nuálaíochta nua. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach dtabharfaidh Údarás na Gaeltachta an dara dearbhán i leith gníomhaíocht a fuair maoiniú roimhe sin.
Cén uair gur féidir liom iarratas a dhéanamh?
Níl aon ghlaoch d’iarratais fógartha faoi láthair.
Iarrtar ort, le do thoil, údarás na gaeltachta a chur ar an eolas nuair atá tús curtha leis an tionscadal a bhfuil tú ag úsáid an dearbháin nuálaíochta ina leith. Is féidir sin a dhéanamh trí ríomhphost gairid a chur chuig dn@udaras.ie ina mbeidh ainm do sholáthróir eolais agus dáta tosaithe an tionscadail.
Más mian leat dul i dteagmháil le bainisteoir an tionsnaimh Dearbhán Nuálaíochta nó má tá deacrachtaí agat saineolas ábhartha a aimsiú, seol r-phost chuig dn@udaras.ie nó glaoigh ar 091 503100.