Clár LEADER

Biodiverse hedgerow

Tá ról ag Údarás na Gaeltachta i bhfeidhmiú an chláir LEADER i nGaeltacht Dhún na nGall agus Mhúscraí.

Tá Údarás na Gaeltachta ar cheann de cheithre comhpháirtí faoi Choiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) Dhún na nGall agus Mhúscraí atá freagrach ar son an Grúpa Forbartha Áitiúil (LAG) as fheidhmiú Chlár LEADER sna Gaeltachtaí sin. Tá riaradh agus feidhmiú an Chláir i nGaeltacht Dhún na nGall (seachas ar na hoileáin Ghaeltachta atá faoi chúram Chomhar na nOileán) agus i nGaeltacht Mhúscraí faoi chúram Údarás na Gaeltachta.

Ról an Údaráis i gClár LEADER

Téama 1 – Forbairt Eacnamaíochta, Forbairt Fiontair & Cruthú Fostaíochta
Tá Téama 1 ag díriú ar an dúshlán a bhaineann le forbairt pobail leanúnach agus éagsúlú an gheilleagair tuaithe a thiomáint le deiseanna fostaíochta a chruthú don phobal áitiúil, iad siúd a bhaineann le grúpaí faoi mhíbhuntáiste san áireamh.

Téama 2 – Cuimsiú Sóisialta
D’fheadfadh na réigiúin/hionaid a leanas a bheith san áireamh don infheistíocht tosaíochta:

  • Rochtain ar bhun-sheirbhísí agus tacaíocht le forbairt áiseanna don phobal a fheabhsú / a éascú.
  • Tús a chur le seirbhís úr nó seirbhís a bhí ar fáil i roimhe a chur ar fáil arís.
  • Fiontraíocht Óige agus oiliúint ghaolmhar a chur chun cinn le níos mó deiseanna eacnamaíochta a thabhairt do dhaoine óga faoin tuath.
  • Tograí a fhorbairt don óige cosúil le Clubanna Óige / Caiféanna don Óige; rochtain níos fearr ar theicneolaíocht fhaisnéise agus cumarsáide; gníomhaíochtaí spóirt agus caitheamh aimsire; tionscadail ealaíona agus cláracha forbartha don óige.
  • Tacaíocht chun rochtain idirlín níos fearr a chur ar fáil i gceantracha tuaithe
  • Staidéir féidearthachta, pleananna forbartha ceantracha, ceannacht trealaimh, líonrú, mol eolais digiteacha agus áiseanna rannta a fhorbairt.
  • Tionscnaimh a fhorbairt a bhainfidh leas as “Caipiteal Sóisialta” sa phobal.

Téama 3 – Comhshaoil Tuaithe
Tá Téama 3 dírithe ar leas a bhaint as acmhainneacht na timpeallachta mar dheis le cur le forbairt inmharthana pobail tuaithe. Díreofar ar:

  • Gníomhaíochtaí sóisialta, eacnamaíochta agus pobail, atá ag cur le cosaint agus inmharthanacht na timpeallachta le dea-chleachtais a chur chun cinn.
  • Forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh fhuinnimh in-athnuaite.
  • Uiscí intíre a chosaint agus leas a bhaint astu mar áiseanna áineasa.
  • Bithéagsúlacht áitiúil a chosaint agus a fhorbairt.

Cé atá Incháilithe le hiarratas a dhéanamh agus do chéard?

Tá Clár LEADER oscailte do ghrúpaí deonacha, do dhaoine aonair, tionscnaimh phríobháideacha agus pobail, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá an Clár dírithe ar thionscadail arb é a n-aidhm caighdeán maireachtála agus deiseanna eacnamaíochta a chur chun cinn ar mhaithe le leas bhunadh nó phobal Ghaeltacht Dhún na nGall/Mhúscraí faoi chreatlach an Straitéise Forbartha Áitiúla atá faofa.

Ní gá go mbeadh príomhaí ina chónaí i nGaeltacht Dhún na nGall/Mhúscraí le leas a bhaint as tacaíocht LEADER fhad is atá an tionscadal bunaithe / lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall/Mhúscraí . I gcás go bhfuil an tionscadal bunaithe / lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht is féidir iarratas a phlé le ceann de na Comhpháiritithe eile atá ag plé le LEADER sa chontae (le Comhar na nOileán i gcás oileáin Ghaeltachta Dhún na nGall).

Tionscnaimh incháilithe d’infheistíocht LEADER:

  • Costais tógála maoine nó ceannach maoine dhochorraithe.
  • Costais ghaolmhara tógála i.e. costais ghairmiúla, ar nós táillí ailtirí, seandálaithe, innealtóirí agus comhairleoirí, incháilithe do mhaoiniú nó táillí maidir le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch suas go teorainn carnach 12% de chostais chaipitil an tionscadail.
  • Trealamh agus Innealra a cheannach.
  • Infheistíochtaí neamh-inláimhsithe cosúil le forbairt bogearraí ríomhaireachta, éadálacha paitinní, ceadúnais, cóipchearta, trádmharcanna a cheannach.
  • Oiliúint.
  • Seirbhísí agus áiseanna dírithe ar phobail atá faoi mhíbhuntáiste.

Nótáil, le do thoil, nach féidir maoiniú LEADER a cheadú d’aon tionscadal nó aon chuid de thionscadal ar bhonn siarghabhálach.

Costaisí nó tionscadail nach féidir a mhaoiniú faoi Leader:

  • Tionscadail talmhaíochta agus / nó iascaireachta.
  • Oibríochtaí miondíola traidisiúnta (eisceacht i gcás siopaí pobalbhunaithe nó siopaí feirme a dhíolann táirgí a tháirgtear go háitiúil).
  • Cúrsaí teagaisc / oiliúint atá ina chuid den ghnáthchóras oideachas (cuid de gnáthchláir nó de ghnáthchórais meánscoile nó leibhéil níos airde (3ú leibhéal & rl).
  • Aisíoc iasachtaí, caipiteal oibre, costais árachais.
  • Gairneoireacht (lena n-áirítear beachaireacht / coinneáil beach).
  • Íocaíochtaí le haghaidh bronntanais, tabhartais nó siamsaíocht phearsanta.
  • Fíneálacha agus pionóis reachtúla, fíneálacha coiriúla agus damáistí.
  • Costais dhlíthiúla maidir le dlíthíocht.
  • Costais a bhaineann le freastal ar riachtanas reachtúla.
  • Táillí iarratais pleanála.
  • CBL is féidir a éileamh ar ais.
  • Cothabháil reatha atá faoi chúram eagraíochtaí pobail / Stáit & rl.
  • Tionscadail atá maoinithe ag an AE go díreach nó trí Chlár eile náisiúnta.
  • Gach cineál mótarfheithicil lena n-áirítear gluaisteáin, feithiclí tionsclaíoch / feirme / feithiclí tógála, veaineanna agus busanna.
  • Oibreacha cothabhála ginearálta comhlachtaí poiblí.
  • Cúram Leanaí, Cúram Sláinte, Tithe Altranais / Tithíocht chónaithe.
  • Earnáil Rásaí na gCapall / Earnáil na gCapall Spórt.
  • Earnáil Rásaí na gCon.

Critéir Mheastóireachta

Mar threoirphrionsabail, déanfar gach tionscadal a mheas faoin chritéir a leanas:

  • An bhfuil sé ag luí le Straitéis Forbartha Áitiúl Dhún na nGall (LDS –Local Development Strategy ) agus le Rialacha Oibriúcháin an Chláir?
  • Nuálachas an tionscadail atá beartaithe
  • An bhfuil margadh nó éileamh don tionscadal, táirge nó seirbhís bheartaithe?
  • Inmharthanacht eacnamaíoch an tionscadail atá beartaithe.
  • Foinsí maoinithe leordhóthanach ar fáil don tionscnóir.
  • Cumas bainistíochta / cumas teicniúil ar fáil don tionscnóir leis an togra beartaithe a chur i bhfeidhm / i gcrích.

“Scairteanna” Leanúnacha & “Scairteanna” Teoranta / Dírithe

Is ionann scairteanna leanúnacha agus scairteanna oscailte bunaithe ar “gach duine ar a sheal féin”. Caithfidh na LAGs scairteanna teoranta / dírithe do Léirithe Suime a fheidhmiú faoi Chlár seo, áfach. Tá an Roinn ag súil go mbeidh ar a laghad 40% de na scairteanna déanta ar bhonn teoranta agus go spréifí na scairteanna teoranta / dírithe seo ar théamaí uilig an Chláir.

Is í an aidhm atá le Scairteanna Teoranta / Dírithe do Léirithe Suime ná go ndíreofaí maoiniú LEADER ar na tograí / earnálacha is mó go bhfaighfí luach astu, go gceadófaí an t-airgead bunaithe ar mheastóireacht chomparáideach, go dtabharfaí cothromaíocht do gach ábhar iarratasóra agus go mbeidh maoiniú ar fáil le linn thréimhse an Chláir.

Leanfaidh Scairteanna Teoranta / Dírithe i nGaeltacht Dhún na nGall/Mhúscraí éiteas “Ón Bhun Aníos” LEADER. Scaipfear eolas faoi na Scairteanna go forleathan, ag cruinnithe eolais, sna meáin áitiúla agus trí theagmháil dhíreach le príomhaithe.

Ag ullmhú Iarratais

Léiriú Spéise
Caithfear Foirm um Léiriú Suime (LS) a chomhlíonadh sula ndéantar aon iarratas ar mhaoiniú faoi chlár LEADER. Is le haghaidh incháiltheacht do thionscadal a mheas atá an fhoirm seo – ní hionann an fhoirm agus iarratas foirmiúil ar mhaoiniú. Má tá Léiriú Spéise incháilithe i bprionsabal, tabharfar cuireadh d’iarratasóir (in am trátha) iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú Chlár LEADER. Clárófár gach Léiriú Suime ar chóras náisiúnta IT LEADER agus cuirfear admháil amach chuig gach iarratasóir.

Iarratais
Má tá togra a bhfuil suim léirithe ina thaobh incháilithe, eiseofar Foirm Iarratais agus Treoir Pacáiste leis na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach. I measc na gcoinníollacha sin déanfar tagairt do chead pleanála, foinsí maoinithe, Deimhniú Imréitigh Cánach, próiseas tairisceana, clúdach árachais agus ceanglais reachtúla. Chomh luath agus atá iarratas iomlán faighte isteach cuirfear admháil amach ina thaobh agus cuirfear ar aghaidh é don chéad “Scrúdú faoi Airteagal 48”.

Measúnú agus Cinneadh
Cuirfidh Oifigeach Tionscnaimh de chuid an Údaráis an togra faoi bhráid Choiste Meastóireachta Neamhspleách a dhéanfaidh moladh ar an togra ó thaobh méid agus ráta deontais don LAG. Déanfaidh an LAG cinneadh críochnúil ar na hiarratais atá molta ag an Choiste Meastóireachta Neamhspleách.

Conradh
Nuair atá iarratas ceadaithe ag an LAG, cuirfear ar aghaidh don dara “Scrúdú faoi Airteagal 48” é. Chomh luath agus atá an scrúdú iomlán déanta agus aon saincheisteanna pléite (agus i gcás nach dtagann aon deacracht chun tosaigh) eiseofar Litir Thairisceana agus Conradh chuig an Iarratasóir. Tosóidh an tréimhse incháilitheachta nuair a ghlactar leis an tairiscint. Déanfaidh an tOifigeach Tionscnaimh monatóireacht ar an dul chun cinn maidir leis an tionscadail agus tabharfar faoi chuairteanna ar an láthair / suíomh de réir mar is gá.

Íocaíocht
Is féidir éileamh ar íocaíocht a dhéanamh nuair atá an tionscadail nó céim den tionscadail déanta / curtha i gcrích, gach caiteachas ábhartha déanta agus gach coinníoll ábhartha comhlíonta. Beidh an tOifigeach Tionscnaimh ag obair leis an tionscnóir le gach gné den tionscnamh / gach páipéarachas ábhartha a sheiceáil roimhe agus leis an éileamh ar íocaíocht a chur ar aghaidh. Rachaidh an tionscadal faoin “Seiceáil faoi Airteagal 48” deireanach ag an staid seo agus (i gcás nach dtagann aon deacracht chun tosaigh) de réir an cheantair Gaeltachta ina bhfuil an togra lonnaithe eiseoidh Comhairle Contae Dhún na nGall nó Comhairle Chontae Chorcaí (mar pháirtí mhaoinithe) an íocaíocht deontais don tionscnóir (i bhfoirm aistriú leictreonach).

Tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le:

Údarás Gaobh Dobhair

Clár LEADER

Údarás na Gaeltachta,
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Doirí Beaga,
Co Dhún na nGall.

Rphost: leaderdnag@udaras.ie Teileafón: 074 95 60100

Aonaid-Oifige-An-Daingean

Clár LEADER

Údarás na Gaeltachta
Páirc Ghnó an Daingin
Daingean Uí Chúis
Co. Chiarraí.

Rphost: leadermuscrai@udaras.ie Teileafón: 066 9150100