Saoráil Faisnéise

Fáilte chuig leathanach Saorála Faisnéise Údarás na Gaeltachta. Tá eolas ar an leathanach seo maidir leis na nithe seo a leanas:

Cearta saorála faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014

Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 do na cearta reachtúla a leanas:

  • Ceart dlíthiúil do gach duine chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá á coimeád ag comhlachtaí poiblí lena mbaineann an reachtaíocht um shaoráil faisnéise,
  • Ceart dlíthiúil do gach duine go gceartaítear faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin sa chás go bhfuil sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach,
  • Ceart dlíthiúil chun cúiseanna a fháil a bhí le cinntí a d’imir tionchar ar dhuine.

Féadfaidh tú na taifid a leanas a iarraidh:

  • Aon taifid a bhaineann leat féin go pearsanta, pé uair a cruthaíodh iad,
  • Gach taifead eile a cruthaíodh i ndiaidh an 21 Aibreán 1998.

Féadfaidh cáipéis pháipéir nó faisnéis a choimeádtar ar ríomhaire a bheith i gceist le taifead. Áirítear leis seo, mar shampla, asphriontaí, léarscáileanna, pleananna, micreascannáin, ábhar closamhairc, dioscaí agus téipeanna.

Tá eolas maidir le conas iarratas a dhéanamh agus na rátaí a bhaineann leis ar fáil thíos.

Faisnéis atá ar fáil faoin Scéim Foilseacháin

Éilítear in Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar chomhlachtaí um Shaoráil Faisnéise scéim a réiteach agus a fhoilsiú maidir le foilseachán faisnéise an chomhlachta chun cloí le scéim foilseacháin nó treoirlínte a dhéanann an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Faoin Scéim Foilseacháin, déanfaidh gach comhlacht um Shaoráil Faisnéise:

  • Faisnéis a leagan amach le cuidiú le baill an phobail ina dtuiscint ar an gcomhlacht agus a fheidhmeanna,
  • An fhaisnéis atá aige a fhoilsiú grúpáilte faoi na ceannteidil arna leagan amach sa tábla thíos, agus,
  • Na nósanna imeachta chun teacht ar an bhfaisnéis a mhíniú nó chun an cineál faisnéise atá ag an gcomhlacht a mhíniú.

Tá faisnéis foilsithe ag Údarás na Gaeltachta ar leathanaigh éagsúla ar an láithreán seo. Tá an fhaisnéis agus naisc chuig na leathanaigh grúpáilte faoi na ceannteidil arna leagan amach sa tábla thíos faoin Scéim Foilseacháin. Is féidir ceannteideal a roghnú chun teacht ar an bhfaisnéis faoin rannóg sin.

Seirbhísí a chuirtear ar fáil nó a chuirfear ar fáil don Phobal

Cuirtear raon leathan seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil thar réimsí éagsúla:

Tacaíocht do Ghnóthaí

Tionscnaimh Teanga

Próiseas Pleanála Teanga

Forbairt Pobail

Oiliúint agus Fostaíocht

An Próiseas Cinnteoireachta do bheartais mhóra polasaí

Tá Bord an Údaráis freagrach as stratéisí agus polasaithe ginearálta Údarás na Gaeltachta. Ar mholadh ón bhFeidhmeannas, ceadaíonn an Bord infheistíochtaí, scéimeanna tacaíochta, deontais agus ceannachán nó díolachán maoine a dhéanann an eagraíocht ar mhaithe le forbairt fiontair agus cruthú fostaíochta, cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chomh maith le forbairt phobal na Gaeltachta.

Faisnéis Airgeadais

Soláthar

Eolas Eile le Foilsiú go Rialta

De réir Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise (foilsiúchán ar fhaisnéis faoi eagraíochtaí um Shaoráil Faisnéise), tá sé de dhualgas ag an eagraíocht seo a loga nochta a fhoilsiú ar a láithreán féin. Soláthróidh an loga nochta seo sonraí faoi iarratais áirithe um Shaoráil Faisnéise nach mbaineann le hiarratais ar fhaisnéis phearsanta, maidir le:

  • Dáta an iarratais,
  • Catagóir an iarrthóra (m.sh. iriseoir, baill den phobal, ball de ghrúpa gnó/leasghrúpa, ball den Oireachtas, comhalta d’údarás áitiúil, & srl),
  • Tuairisc achoimre ar chur síos den iarratas um Shaoráil Faisnéise,
  • An cinneadh agus, sa chás go ndeonfar an t-iarratas, an dáta a scaoilfear na taifid.

Dá réir, nuair atáthar ag glacadh le hiarratais um Shaoráil Faisnéise, cuirtear an t-iarratasóir ar an eolas faoin bpolasaí seo.

Foilseofar sonraí faoi iarratais um Shaoráil Faisnéise faighte ó Aibreán 2016 ar aghaidh, mar is cuí, i loga nochta um Shaoráil Faisnéise ar láithreán gréasáin na heagraíochta.

Loga Nochta SF

Conas iarratas a dhéanamh

Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis atá uait ar fáil duit tríd na bealaí thuasluaite, d’fhéadfá iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Ba cheart iarratais i dtaca le Saoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn chuig:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe

H91 TY22
asf@udaras.ie

Caithfear a lua san iarratas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Nóta:

  • Tá ceangal ar Údarás na Gaeltachta admháil go bhfuarthas iarratas faoin Acht a thabhairt laistigh de 10 lá oibre agus tá dualgas air freagra a thabhairt ar an iarratas laistigh de 20 lá oibre (tá eisceachtaí faoi leith a cheadaíonn síneadh a chur leis seo).
  • Má tá faisnéis ag teastáil i bhfoirm áirithe (m.sh fótachóip, diosca ríomhaire, etc.), is ceart sin a lua i d’iarratas.
  • Tabhair an oiread faisnéise agus is féidir le do thoil lena chumasú d’fhoireann an taifead a aithint.

Táillí agus Achomhairc

Achomhairc

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh, féadfaidh tú athscrúdú ar an gcinneadh a lorg. Mura bhfuil tú sásta go fóill leis an gcinneadh, tá sé de cheart agat achomharc ar an gcinneadh a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise. Imscrúdaíonn an Coimisinéir Faisnéise gearáin i leith neamhchomhlíonta na reachtaíochta um shaoráil faisnéise agus cuireann sé/sí cultúr um shaoráil faisnéise chun cinn sa tseirbhís phoiblí.

Oifig an Choimisinéara Faisnéise: www.oic.gov.ie

Lárionad Beartas Saorála Faisnéise: foi.gov.ie

Táillí

Táille Láithreach
Níl táille láithreach i gceist le hiarratais neamhphearsanta ná le hiarratais mheasctha ón 14 Deireadh Fómhair 2014.

Cuardach agus Aisghabháil/Táillí Fótachóipeála (ón 14 Deireadh Fómhair 2014)

D’fhéadfaí táillí a ghearradh maidir leis an am a chaithtear ag aimsiú agus a chóipeáil taifead, bunaithe ar gháthráta san uair de €20.00 ar chuardach agus ar aisghabháil agus €0.04 in aghaidh an leathanaigh ar chóipeáil.  Tá an chéad chúig uair an chloig (€100) ar chuardach agus ar aisghabháil saor ó tháillí. Tagann táillí iomlána i bhfeidhm nuair atá breis agus €100 i gceist.

Tá praghasteorainn de €500 (c. 25 uair an chloig) ar tháillí do chuardach agus d’aisghabháil, i.e. gearrfar €500 ar iarratas um Shaoráil Faisnéise a chosnaíonn €650. Tá uasteorainn eile de €700 (35 uair an chloig) ar tháillí measta do chuardach, d’aisghabháil agus do chóipeáil. D’fhéadfadh an eagraíocht um Shaoráil Faisnéise diúltú den iarratas a phróiseáil má tá táillí os cionn €700 i gceist, mura bhfuiltear sásta scagadh a dhéanamh ar an iarratas chun na táillí do chuardach, d’aisghabháil agus do chóipeáil a thabhairt faoin teorainn.

Íocfar éarlais má tá breis agus €100 mar tháille iomlán i gceist do chuardach agus d’aisghabháil. Coinneoidh an eagraíocht ar an eolas tú, sna cásanna seo.