Cairt na gCliant

Geallann an tÚdarás caighdeán ard seirbhíse ar bhealach éifeachtach, proifisiúnta, cúirtéiseach a chur ar fáil dár gcliaint. Leagtar amach sa chairt seo na caighdeáin seirbhíse ar féidir a bheith ag súil leo ón Údarás. Caighdeáin iad seo a réitíonn leis na Prionsabail um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus do Chliaint na Seirbhíse Poiblí a leag an Rialtas amach sa bhliain 2000. Seo a leanas eolas faoi na caighdeáin seirbhíse a bhféadfá a bheith ag súil leo ó Údarás na Gaeltachta.

Déileáil le Cliaint

Déileálfaimid le fiosrúcháin go tapa agus go héifeachtach. Cuirfimid cliaint i dteagmháil leis na baill foirne cuí gan mhoill. Mura féidir é seo a dhéanamh ar an bpointe cuirfimid é sin in iúl don chliant agus socrófar go ndéileálfar go héifeachtach le riachtanais an chliaint.

Má fhaightear amach go bhfuil botún déanta gabhfaimid ár leithscéal agus déanfar gach iarracht an scéal a réiteach. Is féidir gearáin a chur i scríbhinn chuig runai@udaras.ie. Tabharfaimid admháil maidir le gach gearán taobh istigh de chúig lá oibre agus próiseálfar iad taobh istigh de 20 lá oibre.

Eolas

Cuirfimid eolas ar fáil ar bhealach soiléir, tráthúil, caoithiúil faoinár bpolasaithe, scéimeanna agus seirbhísí (agus ar bhealach a fhreastalaíonn ar dhaoine atá faoi mhíchumas) ar ár láithreán gréasáin www.udaras.ie agus i bhfoirm chlóite agus beidh an t-eolas seo cothrom le dáta, cruinn agus éasca le tuiscint.

Teangacha Oifigiúla

De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, cinnteoidh an tÚdarás go ndéanfar freastal ar chliaint i nGaeilge nó i mBéarla agus cuirfear in iúl dóibh go bhfuil sé de cheart acu aon cheann de na teangacha sin a roghnú chun a ngnó a dhéanamh. Ar ndóigh cuireann an tÚdarás fáilte ar leith roimh ghnó i nGaeilge agus tá sé mar dhualgas reachtúil ar an eagraíocht a chinntiú gurb í an Ghaeilge a úsáidtear a mhéid is féidir nuair a bhíonn a feidhmeanna á gcomhlíonadh aici agus thar a ceann.

Rúndacht

Coinneoimid faoi rún aon eolas a thabharfar dúinn faoi rún, faoi réir na ndualgas a chuireann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise orainn.

Seirbhís Teileafóin

Freagróimid do ghlaonna teileafóin go pras, cúirtéiseach taobh istigh de 20 soicind. Cuirfimid sinn féin in iúl duit, tabharfaimid oiread eolais agus is féidir duit agus pléifimid leat i mbealach tapa agus cabhrach. Mura féidir ceist a fhreagairt láithreach tógfar na sonraí cuí uait agus tiocfaimid ar ais chugat taobh istigh d’am a bheidh socraithe leat. Déanfaimid gach iarracht freagra a thabhairt ar theachtaireachtaí glórphost chomh luath agus is féidir.

Comhfhreagras/Rphost/Facs

Freagróimid do litir chomh luath agus is féidir linn. Tabharfaimid freagra iomlán ar 80% den chomhfhreagras taobh istigh de 20 lá oibre. Sa chás nach mbeimid in ann sin a dhéanamh eiseoimid freagra gairid agus tabharfaimid le fios cathain a bheifear in ann freagra iomlán a thabhairt.

Cruinnithe

Tá sé mar aidhm againn go mbeidh cruinnithe a reáchtáiltear le cliaint éifeachtach agus éifeachtúil.

Riachtanais Speisialta

Déileálfaimid go tuisceanach le cuairteoirí le riachtanais speisialta agus déanfaimid ár ndícheall áiseanna a chur ar fáil a chuirfidh ar a gcumas a ngnó a dhéanamh go héifeachtach.

 

Ba cheart iarratais i dtaca le Rochtain a dhéanamh i scríbhinn chuig:

An tOifigeach um Rochtana
Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe

H91 TY22

rannogad@udaras.ie

353 (91) 503 100

 

Fiosrúcháin, Iarratais ar Dheontais agus Cúnamh Eile

Déanfaimid ár riachtanais maidir le hiarratais ar chúnamh chomh soiléir agus is féidir d’fhonn tograí/iarratais a phróiseáil go héifeachtach agus go pras. Lorgófar eolas breise tacaíochta d’iarratais i scríbhinn ach amháin sa chás gur soiléiriú é a bheadh ar fáil go saoráideach ó bhéal.

Éagsúlacht agus Comhionannas

Caithfimid lenár gcliaint le meas agus cinnteoimid nach gcaithfear go héagórach leo agus nach ndéanfar aon idirdhealú mar gheall ar inscne, stádas pósta, stádas clainne, gnéaschlaonadh, creideamh, aois, míchumas, cine ná mar gheall gur duine de chuid an Lucht Siúil ná a mhacasamhail de ghrúpa mionlaigh aitheanta iad.

Sláinte agus Sábháilteacht

De réir an Achta um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005, tá ráiteas sábháilteachta scríofa ag Údarás na Gaeltachta agus táthar ag feidhmiú na socruithe cuí go leanúnach chun cosaint a thabhairt do shábháilteacht agus do shláinte na bhfostaithe agus na gcuairteoirí ar fad atá taobh istigh dá n-ionaid ghnó.

Feabhas ar ár seirbhís duit

Cuirfimid fáilte roimh a bhfuil le rá agat maidir leis an gCairt seo agus do mholtaí ina taobh, nó i dtaobh aon cheann de na seirbhísí a sholáthraímid agus an bealach a gceapann tusa gur féidir feabhas a chur orthu.

Chun ár gcaighdeán seirbhíse a bhaint amach beimid ag súil go gcaithfear lenár bhfoireann go cúirtéiseach agus le meas, agus go gcuirfear eolas cuí ar fáil chun gur féidir lenár bhfoireann seirbhís de chaighdeán den scoth a chur ar fáil.  Déanfaimid gach iarracht an tseirbhís sin a chur ar fáil da réir sin.

Má bhíonn tú míshasta leis an tseirbhís

Mura bhfuil tú sásta lenár seirbhís, cuir sin in iúl dúinn le do thoil. Molaimid duit labhairt lenár bhfoireann áitiúil ar dtús féachaint an mbeidís sin in ann cabhrú leat.

Déanfaimid gach iarracht déileáil le gearáin agus iad a réiteach go tapa agus go múinte. Má fhaightear amach go bhfuil botún déanta gabhfaimid ár leithscéal agus déanfar gach iarracht an scéal a réiteach. Tabharfaimid admháil maidir le gach gearán taobh istigh de chúig lá oibre agus próiseálfar iad taobh istigh de 20 lá oibre.

Achomharc/Athbhreithniú

Tá córas againn chun déileáil le gearáin fhoirmiúla faoi chaighdeán seirbhísí an Údaráis. Tá eolas ar fáil ó oifig an Rúnaí, nó i gcás gearáin in aghaidh na hoifige sin ó oifig an Phríomhfheidhmeannaigh, in Ardoifig an Údaráis.

Cuntasacht

Déanfaimid meastóireacht ar ár dtiomantais seirbhíse sa Chairt seo lena chinntiú go gcuirfear an tseirbhís is fearr ar fáil agus foilsímid ráiteas ina leith inár dTuarascáil Bhliantúil.

Sonraí Teagmhála

Is féidir cóip a íoslódáil thuas nó is féidir cóip chlóbhuailte a fháil ach teagmháil a dhéanamh leis an Údarás ag eolas@udaras.ie

Tráthanna Oscailte

9:00 r.n. go 1:00 i.n. agus 2:00 i.n. go 5:00 i.n. Luan go hAoine.

Bíonn seirbhís glórphoist ar ár gcóras teileafóin lasmuigh de na huaireanta sin.