The Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht has identified 26 Gaeltacht Language Planning Areas (LPT) for the purposes of the Act. Under the Act, the existing Gaeltacht will be redesignated as LPTs providing that language plans have been agreed with the communities in the various areas in accordance with the prescribed language planning criteria. Under the provisions of the Act, Údarás na Gaeltachta is responsible for supporting organisations as they prepare language plans in LPTs, and when these plans are implemented.
Choose a Gaeltacht Language Planning Area from the map below to get more information about the area.
Seo a leanas an liosta bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta (laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht) ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
Is éard atá i gceist leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta ná bailte atá suite i Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na pobail sna limistéir sin. Faoin Acht, caithfidh daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith i mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí, chun gur féidir é a áireamh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.
Dún na nGall: Leitir Ceanainn, An Clochán Liath agus Dún na nGall
Maigh Eo: Béal an Mhuirthead (sa Ghaeltacht), Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh
Gaillimh: Cathair na Gaillimhe agus An Clochán
Ciarraí: Daingean Uí Chúis (sa Ghaeltacht), Trá Lí agus Cathair Saidhbhín
Corcaigh: Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha
Port Láirge: Dún Garbhán
An Mhí: Baile Átha Buí agus An Uaimh