Faisnéis faoin gComhshaol

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

De bhun Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), Rialacháin 2007 go 2014 (I.R. 133 de 2007, I.R. 662 de 2011, agus I.R. 615 de 2014), agus faoi réir eisceachtaí áirithe, tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis (eolas) faoin gcomhshaol atá i seilbh an Údaráis.

Polasaí an Údaráis Maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

Tá sé de dhualgas reachtúil ar Údarás na Gaeltachta eolas a chur ar fáil ar bhealaí éagsúla, mar shampla ina Thuarascálacha Bliantúla, faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2014.

Ní athraíonn na Rialacháin sin an tAcht um Shaoráil Faisnéise agus feidhmíonn sé comhthreomhar leis na Rialacháin seo. Is féidir iarratas ar thaifead nó ar fhaisnéis a iarraidh faoi cheachtar de na forálacha reachtúla seo de réir mar a oireann.

Mar eagraíocht a bhíonn ag plé le forbairt thionsclaíoch agus fostaíochta agus le cur chun cinn forbairt pobail, cultúir agus teanga, tá maoin ghnó ag Údarás na Gaeltachta sna contaetha Gaeltachta ar fad, idir thalamh, fhoirgnimh, eastáit tionscail agus pháirceanna gnó. I measc na gcineálacha faisnéise a bhíonn ina sheilbh bíonn eolas faoi ionaid ghnó, eastáit agus páirceanna gnó, lena n-áirítear:

  • cinn a bhfuil tionóntaí iontu san áireamh,
  • eolas comhshaoil faoi thionscadail áirithe a dtugann an tÚdarás tacaíocht dóibh,
  • staidéir tionchair chomhshaoil do chúrsaí pleanála,
  • agus comhaid sláinte agus sábháilteachta.

Iarratas ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

Chun iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin seo, iarrtar ort iarratas i scríbhinn a sheoladh chugainn, ag leagan amach cén fhaisnéis atá uait:

An tOifigeach Faisnéise
An Rannóg Rúnaíochta
Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe

H91 TY22

Nó is féidir iarratas a sheoladh ar rphost chuig: asf@udaras.ie

Nóta: Bí cinnte a rá sa litir go bhfuil an fhaisnéis atá uait á hiarraidh agat faoi ‘Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2014’. Cuir na sonraí seo a leanas i d’iarratas le do thoil:

  • D’ainm agus do shloinne, agus do sheoladh (agus uimhir fóin más féidir),
  • An fhaisnéis nó na cáipéisí atá á lorg agat, agus,
  • Más mian leat an fhaisnéis a fháil i bhfoirm áirithe (mar shampla cóip chrua, r-phost agus araile) é sin a lua.

Bí chomh soiléir agus chomh sonrach is atá tú in ann a bheith agus tú ag déanamh iarratais agus cuir a mhéid eolais is féidir leat ar fáil chun cur ar chumas na heagraíochta na taifid atá uait a aimsiú. Déanfaimid teagmháil leat más gá chun a chinntiú go dtuigimid an t-iarratas i gceart. Cuirfimid freagra chugat tráth nach déanaí ná mí ón dáta a fuarthas an t-iarratas.

Táillí

Táillí

De réir na rialacháin, is féidir leis an eagraíocht seo táillí a ghearradh ar an gcostas a bhaineann le  faisnéis chomhshaoil a sholáthar. Is é Airteagal 15 an fhoráil ábhartha.  De réir Chiorclán AIE/2/2017, is féidir le údarás poiblí táille a ghearradh as faisnéis a sholáthraítear faoi na rialacháin. D’fhéadfadh costais phoist agus fótachóipeála a bheith san áireamh sa táille seo mar aon leis an am a chaitheann an fhoireann ag freagairt iarratais faisnéise, leis an am a chaitear ag lorg na faisnéise agus cur i láthair na faisnéise seo san fhoirm inar éilíodh í a thabhairt san áireamh.

 

Liosta Táillí

Gearrann an eagraíocht seo táillí mar seo a leanas:

  • €20.00 in aghaidh na huaire (cuardach, aisghabháil agus fótachóipeáil taifid)
  • €0.04 in aghaidh an leathanaigh do fótachóipeanna
  • €10.00 do sholáthar eolais ar CD-ROM

 

Achmhainní Teoranta

Má chuirtear táille in iúl duit agus má tá sé thar d’acmhainn, is féidir leat iarratas a dhéanamh go ndéanfar an táille a laghdú nó a tharscaoileadh.  Más mian leat tabhairt faoin rogha seo, teastóidh fianaise uainn go bhfuil d’acmhainn teoranta, mar shampla, fianaise go bhfuil cárta leighis reatha agat nó go bhfuil sochar leasa shóisialaigh á fháil agat.

Cineálacha Faisnéise a bhfuil teacht orthu

Baineann an Treoir le faisnéis a choinnítear i bhfoirm scríofa, amhairc, cloiste, leictreonach agus ábhartha eile. Tá 6 chatagóir ann faoin Treoir:

  1. Staid na ndúl comhshaoil, mar shampla aer, uisce, ithir, talamh, tírdhreach, éagsúlacht bhitheolaíoch.
  2. Nithe a bhfuil tionchar acu ar na dúile comhshaoil, nó a bhféadfadh an tionchar sin a bheith acu, mar shampla fuinneamh, torann, radaíocht, dramhaíl, nó astuithe eile isteach sa chomhshaol.
  3. Bearta a bhfuil d’aidhm acu na dúile comhshaoil a chosaint, mar shampla beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil.
  4. Tuarascálacha ar chur i bhfeidhm reachtaíochta comhshaoil.
  5. Anailís agus bunúis bharúla a úsáidtear laistigh d’fhrámaíocht na mbearta chun an comhshaol a chosaint.
  6. Staid sláinte agus sábháilteachta daonna, an bhiashlabhra, suíomh cultúrtha agus struchtúr tógtha, sa mhéid is go bhféadfadh na dúile comhshaoil dul i bhfeidhm orthu.

Ceart Achomhairc

Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra ar do litir is féidir leat athbhreithniú inmheánach a iarraidh ó Fheidhmeannach níos sinsearaí in Údarás na Gaeltachta. Chun athbhreithniú inmheánach a iarraidh, is ceart scríobh chuig an seoladh céanna thuasluaite. Ní ghearrtar táille as athbhreithniú a iarraidh.

Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra ón bhFeidhmeannach sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh ansin le hOifig an Choimisinéara Faisnéise le hachomharc a dhéanamh. Baineann táille leis an achomharc seo. Tá nasc anseo thíos chuig suíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Faisnéise. www.oic.gov.ie

Eolas Breise

An tOifigeach Faisnéise

Údarás na Gaeltachta,
Na Forbacha,
Co. na Gaillimhe
H91 TY22

Fón: (091) 503100
Rphost: asf@udaras.ie 

Tuilleadh eolas ar housing.gov.ie