Gaillimh

Inis Oírr, Árainn, Gaillimh

Tá Contae na Gaillimhe, an dara contae is mó sa tír, lonnaithe ar chósta thiar na hÉireann. Clúdaíonn Gaeltacht na Gaillimhe codanna fairsinge de Chontae na Gaillimhe, ó oirthear chathair na Gaillimhe agus a bruachbhailte go iarthar an chontae. Tá an chuid is mó de Ghaeltacht na Gaillimhe in iarthar an chontae agus dúichí agus ceantair shainiúla mar chuid di, ina measc, Cois Fharraige, Iorras Aithneach agus Dúiche Sheoigheach.

 

Turasóireacht

Tá contae agus cathair na Gaillimhe aitheanta ar fud an domhain mar cheantar ina bhfuil deiseanna fiontraíochta agus forbartha agus saibhreas cultúrtha. Tá go leor de Ghaeltacht na Gaillimhe i gceantar Chonamara agus tá cáil ar leith ar Chonamara mar cheantar a bhfuil nascanna aige leis an domhan mór ach cultúr láidir dá chuid féin aige chomh maith. Tá léiriú i roinnt de na láithreacha is tarraingtí i nGaeltacht na Gaillimhe – Ionad Cuimhneacháin na nImearcach i gCarna, Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin, agus togra Geopháirc Dhúiche Sheoigheach ar an oidhreacht shaibhir agus an nuálaíocht atá ar fáil sa cheantar.

Ceann de na háiteanna is tarraingtí i nGaeltacht na Gaillimhe ná na hOileáin Árainn agus tá léargas ar fáil ar na hoileáin seo ar uathúlacht na n-oileán Gaeltachta agus ar na daoine a mhair agus a mhaireann amuigh ón gcósta. Tagann na mílte cuairteoirí chuig oileáin Ghaeltachta na Gaillimhe chuile bhliain agus is sampla é seo den eispéireas uathúil atá ar fáil don chuairteoir Gaeltachta.

Chomh maith leis an ceantair tuaithe Gaeltachta, tá cuid de chathair na Gaillimhe i nGaeltacht na Gaillimhe agus cathair bríomhar stairiúil é atá lán oidhreacht luachmhar. Tá tóir ar chathair na Gaillimhe freisin de bharr na n-imeachtaí agus na bhféilte cultúrtha a bhíonn ar siúl i gcaitheamh na bliana ann agus lárionad é an chathair ó thaobh an chultúir Ghaelaigh de.

Fiontraíocht & Pobal

Tá geilleagar láidir áitiúil i gContae na Gaillimhe agus raon leathan earnálacha gnó ag feidhmiú sa chontae, ina n-áirítear an tionscal déantúsaíochta, turasóireachta, miondíola agus dáileacháin, oideachas agus seirbhísí ina n-áirítear seirbhísí airgeadais, tógála, cultúir agus proifisiúnta. Tá an earnáil bhithleighis ach go háirithe an-láidir i nGaillimh le roinnt de na comhlachtaí bithleighis is mó sa tír lonnaithe ann. Is í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an acmhainn oideachais agus taighde is tábhachtaí san Iarthar. Tá dlúthcheangal ag institiúidí taighde na hollscoile le earnálacha tionscail ar fud an réigiúin.

Tá gteic – gréasán digiteach na Gaeltachta ag feidhmiú go láidir cheana féin i nGaeltacht na Gaillimhe agus tá tuilleadh forbartha le déanamh ar an ngréasán seo sa chontae amach anseo. Tá gach ní ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe don fhiontraí – tá áiseanna agus tacaíochtaí gnó, go leor spásanna fiontraíochta ar phraghas iomaíoch agus lucht saothair le hoideachas mar aon le ceann de na cathracha is bríomhaire san Eoraip ar leac an dorais. Tá buntáistí an dá thrá ar fáil do mhuintir an cheantair chomh maith – pobal bríomhar agus costas maireachtála íseal ach teacht ar áiseanna agus seirbhísí iomadúla chomh maith.

Firicí

  • Tá daonra de 276,451, (Daonáireamh 2022) i gContae na Gaillimhe agus daonra de 50,570 i nGaeltacht na Gaillimhe
  • Clúdaíonn Gaeltacht na Gaillimhe codanna leathana de chontae na Gaillimhe, go formhór in iarthar an chontae, agus is é an ceantar Gaeltachta is mó agus is mó daonra sa tír
  • Is ionann daonra Ghaeltacht na Gaillimhe agus 50.8% de dhaonra iomlán na Gaeltachta. Tá cónaí ar 15,300 den daonra seo laistigh de bhruachbhaile chathair na Gaillimhe
  • Tá achar geografach 1,225 km2 i nGaeltacht na Gaillimhe. Is ionann seo agus 26% de thalamh uile na Gaeltachta;
  • Is iad an Spidéal agus an Cheathrú Rua na limistéir lonnaíochta is mó i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá an Cheathrú Rua lonnaithe 48km siar ó chathair na Gaillimhe agus an Spidéal 19km

Córais Iompair

Freastalaíonn trí phríomhbhóthar ar chathair na Gaillimhe:

  • M17/N17 chuig an tuaisceart (Tuaim, Sligeach agus Dún na nGall)
  • N6/M6/M4 chuig an oirthear (Baile Átha Luain agus Baile Átha Cliath)
  • M18/N18 chuig an Deisceart (An tSionainn, Luimneach agus Corcaigh)

Seirbhísí Aeir sa réigiún:

Seirbhísí Iarnróid:

  • Cuireann Iarnród Éireann seirbhísí rialta laethúil aisfhillte ar fáil idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh, agus Luimneach agus Gaillimh, agus stáisiúin idirmheánacha.
    Tuilleadh eolais: irishrail.ie

Seirbhísí Bus

  • Cuireann Bus Éireann, seirbhís náisiúnta bus na hÉireann, agus a lán tionscnóirí príobháideacha, seirbhís ar fáil go Gaillimh as na bailte móra

Tuilleadh eolais: www.buseireann.ie

Seirbhísí Leighis i gCo. na Gaillimhe

  • Ospidéal Choláiste na hOllscoile
  • Ospidéal Réigiúnach Pháirc Mherlin
  • Ospidéal Bon Secours
  • Ospidéal an Galway Clinic

Oideachas Tríú Leibhéal sa réigiún:

Áiseanna Caithimh Aimsire

Tá gach ní ar fáil i gcontae na Gaillimhe ó thaobh caitheamh aimsire idir ghalf, eachaíocht, siúlóidí, iascaireacht slaite, iascaireacht, spórt uisce, na healaíona agus ceardaíocht.

Tuilleadh eolais:
connemara.ie
www.irelandwest.ie
www.discoverireland.com

Cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta i gcontae na Gaillimhe