
Is cárta bronntanais é Cárta na Gaeltachta atá forbartha ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le gnólachtaí ar fud na Gaeltachta agus chun caiteachas a spreagadh laistigh de phobail áitiúla. Glacann gnólachtaí rannpháirteacha sna ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCiarraí, i gCorcaigh, sa Mhí agus i bPort Láirge leis an gcárta. Coinníonn Cárta na Gaeltachta caiteachas sa gheilleagar áitiúil, agus is rogha mealltach bronntanais é do dhaoine agus d’eagraíochtaí chomh maith.
Tá Cárta na Gaeltachta ar fáil i bhfoirm fhisiciúil agus dhigiteach araon, agus is féidir é a úsáid i réimse leathan gnólachtaí rannpháirteacha ar fud na Gaeltachta, lena n-áirítear siopaí, bialanna, tithe tábhairne, óstáin, soláthraithe seirbhísí agus go leor eile.
Ceannaíonn an custaiméir Cárta na Gaeltachta agus is féidir é a úsáid in aon ghnólacht rannpháirteach, áit ar bith sa Ghaeltacht. Oibríonn an cárta i dteannta le haon mhodh íocaíochta atá do ghnólacht ag glacadh leis cheana féin.
Seachadta trí mhúnla Town & City Gift Cards, spreagann Cárta na Gaeltachta tomhaltóirí agus eagraíochtaí chun cárta a cheannach nach féidir a chaitheamh ach le gnólachtaí rannpháirteacha sa Ghaeltacht. Do ghnólachtaí, níl aon táillí clárúcháin ná aon táillí coimisiúin i gceist. Téann gach cent a chaitear ar an gcárta go díreach chugat.
Má tá do ghnólacht ag iarraidh a bheith mar chuid de Chárta na Gaeltachta nuair a sheolfar é, seol ríomhphost chugainn ag
carta@udaras.ie