Ionaid Seirbhísí Teanga

Baile an Fheirtéaraigh i Chorca Dhuibhne, Co. Ciarraí
Baile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne, Co. Ciarraí

Tá os cionn 30 Ionad Seirbhísí Teanga sa Ghaeltacht a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Cuireann na hionaid ábhair foghlama Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta a dteastaíonn uathu Gaeilge a fhoghlaim, blas na Gaeilge a fháil, nó a gcumas sa teanga a fheabhsú. Is é Teastas Eorpach na Gaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, an caighdeán creidiúnaithe atá aitheanta go hidirnáisiúnta atá á theagasc sna hionaid seo. Is iad na cúrsaí seo na t-aon chúrsaí creidiúnaithe sa tír atá ar fáil do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge, agus tá na cúrsaí grádaithe chun freastal ar dhaoine le cumais éagsúla teanga. Tá sonraí teagmhála na nIonad Seirbhísí Teanga atá lonnaithe ar fud na Gaeltachta le fáil ar an mapa thíos nó is féidir leat iad a íoslódáil thíos de réir contae.

Ionaid Seirbhísí Teanga