Réamhscoileanna

Tá beagnach 100 seirbhís naíonra bunaithe sa Ghaeltacht le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo a dhéanann bainistiú agus riarachán ar infreastruchtúr luath oideachais na naíonraí atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

Tá Comhar Naíonraí maoinithe ag Údarás na Gaeltachta agus cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhísí luathoideachais agus cúram leanaí a chur ar fáil as Gaeilge, sa Ghaeltacht, agus cuireann sé seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na seirbhísí, tuismitheoirí, coistí agus pobail Ghaeltachta.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le naíonra i do cheantar, téigh i dteagmháil le Comhar Naíonraí na Gaeltachta:

Cuileán, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe
Tel: +353 (0) 91595337 Fax: +353 (0)91 595529
Ríomhphost: eolas@cnng.ie

Liosta Réamhscoileanna

Réamhscoileanna a dtacaímid leo