Ag Forbairt do Ghnó

Graphic with different steps to developing your business

Lean na treoracha simplí a leanas agus bain úsáid astu chun do ghnó a fhorbairt. An bhfuil na próisis agus na céimeanna seo i bhfeidhm agat? Déan teagmháil linn inniu chun comhairle a fháil.

1. Coincheap

Céard é an ghné uathúil dhíolacháin (USP) ?

  • Céard é an choincheap forbartha? M.sh. caighdeán, suiteáil, seirbhísí, rathaíochtaí, cúram custaiméirí, srl.
  • Céard é an táirge? Tréithe, brandáil, caighdeán, stíl, pacáistiú srl.
  • Cén luach a bhaineann le do tháirge? Cén buntáistí?

Tacaíocht ar fáil

Tá an deontas staidéar féidearthachta ar fáil do ghrúpaí, d’eagraíochtaí, do ghnólachtaí nó do dhaoine aonair le tacú leo measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le gnó a bhunú nó a fhorbairt. 

Is féidir deontas a íoc ar chuid shuntasach de chostas staidéar féidearthachta. I measc na gcostas incháilithe tá tuarastail agus pá foirne, costas comhairleora, costais taistil agus cothabhála riachtanach, agus barr chostais eile atá ceangailte go díreach leis an staidéar. 

 

2. Margadh

Eolas Riachtanach

  • Céard é do spriocmhargadh? Ba cheart go mbeadh tuiscint soiléir agat ar an déimeagrafach.
  • Taighde Margaidh – cé hiad na hiomaitheoirí? Céard a cheapann tomhaltóirí do do thairge/do choincheap? Céard iad a bpointí praghais? Cén chaoi go ndéanfar margaíocht ar an táirge?
  • An bhfuil tú ag díriú ar mhargadh nua? Cén chaoi go bhfreastlóidh tú air?

Tacaíocht ar fáil

Tá deontas ar fáil chun scileanna taighde margaidh a fhorbairt. Clúdaíonn sé seo na costais incháilithe a leanas: pá dóibh siúd atá fostaithe chun tabhairt faoin gclár margaíochta, taisteal agus cothabháil, agus costais inmheánacha a bhaineann le trialacha margaidh nua do tháirgí nó do sheirbhísí.

 

3. Cúrsaí Airgid

Eolas Riachtanach

  • Conas a mhaoineofar an tionscadal seo? Iasachtaí, infheistíocht, cúnamh deontais?
  • Réamhaisnéis – tar éis taighde margaidh tosaigh, an féidir líon na ndíolachán thar thréimhse 3 bliana a mheas?

Tacaíocht ar fáil

Is féidir linn tú a nascadh le maoiniú luasmhaire agus comhairle a sholáthar duit maidir le maoiniú. Tá infheistíocht chothromais ar fáil uainn chomh maith.

 

4. Acmhainní

Eolas Riachtanach

  • Cén scileanna a theastaíonn do ghnéithe éagsúla den ghnó
  • An bhfuil na hacmhainní agam chun foireann lánaimseartha/páirtaimseartha a fhostú?

Tacaíocht ar fáil 

  • Deontas seirbhísí comhairleoireachta
  • Deontas fostaíochta agus oiliúna
 

5. Áitribh

Eolas Riachtanach 

  • Cén áit is fearr chun do ghnó a lonnú? An gcaithfidh sé a bheith gar do sholáthraithe seirbhísí?
  • An féidir an gnó a lonnú ar bhonn straitéiseach chun cáilitheacht maoiniú a mhéadú?
  • An oireann an áitribh reatha do chuid riachtanais gnó? Ar cheart áitribh a athrú?

Tacaíocht ar fáil

  • Tá réimse áitreabh againn le haghaidh spás monaraithe agus oifige thar 7 réigiún agus tá spásanna oifige nó cianoibre ar fáil sna líonraí gteic.
  • Féadfaidh Údarás na Gaeltachta cabhrú trí dheontas caipitil a thabhairt d’fhiontair atá ag lorg cúnaimh le haghaidh infheistíochta tosaigh ar chostais chaipitil chaiteachais
  • Cáilíonn infheistíocht bheartaithe mar infheistíocht tosaigh sna cásanna seo a leanas:
    • Eagraíocht nua a bhunú
    • Eagraíocht atá ann cheana a leathnú
    • Aschuir áitribh a éagsúlú chun táirgí nua breise a tháirgeadh
    • Athrú bunúsach ar phróiseas táirgeachta foriomlán eagraíochta atá ann cheana
 

6. Plean

Eolas Riachtanach

  • Cruthaigh do phlean gnó ina mbeidh faisnéis ghnó, faisnéis stairiúil, cuspóirí, taighde margaidh, pleananna margaíochta, airgeadais, srl.

Tacaíocht ar fáil 

  • Is féidir linn seirbhísí meantóireachta a sholáthar chun tacú leat agus tú ag scríobh do phlean gnó.