Más athrú saoil, athrú ceirde nó ceird a fhoghlaim atá ag teastáil uait, tapaigh an deis leis an Scéim Scoláireachta do Phrintísigh atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta. Tá os cionn 50 scoláireacht printíseachta de luach níos mó ná €2,000 an ceann ar fáil ón eagraíocht chun tacú le daoine gur mian leo cáilíocht a bhaint amach in aon cheann de na Scéimeanna Printíseachta Caighdeánbunaithe atá aitheanta ag SOLAS.
An Tairiscint
Tá scoláireachtaí ar fáil do Printíseachtaí Ceirde agus Printíseachtaí Nua-aoiseacha agus is fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad d’iarrthóirí a bhfuil an scoil fágtha acu le cáilíocht phrintíseachta atá aitheanta ag an gComhairle Phrintíseachta a bhaint amach. Gach eolas faoi na printíseachtaí agus na cáilíochtaí a bhaineann leo le fáil ag www.apprenticeship.ie
Printíseachtaí – Céard atá ar fáil?
Tá dhá chatagóir sa Scéim:
Tá 15 earnáil éagsúil ag teacht faoin scéim agus 60 printíseacht ag baint leo sin, iad ar fad aitheanta ag SOLAS agus oscailte do phobal na Gaeltachta le líofacht i nGaeilge.
Seo a leanas na hearnálacha ina bhfuil Scoláireachtaí Printíseachta Údarás na Gaeltachta ar fáil:
Tá liosta iomlán de na 60 printíseacht atá faofa mar chuid de Scéim Scoláireachta Printíseachta Údarás na Gaeltachta 2022 le fáil anseo.
Riachtanais faoi leith maidir leis na printíseachtaí ar fad:
I gcomhpháirtíocht leis na hInstitiúidí Triú Leibhéal seo a leanas, tá maoiniú á chur ar fáil ag an Údarás:
Ta an scéim seo curtha ar bun i gcomhpháirt le Feidhmeannacht na Seribhíse Sláinte. An aidhm atá leis ná cainteoirí Gaeilge a mhealladh i dtreo na seirbhíse sláinte chun cabhrú le seachadadh seirbhísí i nGaeilge. Sa tslí seo beidh teacht ag pobal na Gaeltachta ar chúram agus ar sheirbhís sláinte poiblí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus sna hospidéil ar a ndéantar freastal orthu taobh amuigh den Ghaeltacht.
Chuige seo, tá FSS, le tacaíocht mhaoinithe ón Údarás, ag riaradh na scéime seo atá dírithe ar mhic léinn leighis a bhfuil Gaeilge acu chun iad a mhealladh chun seirbhís trí Ghaeilge a thairiscint i réimse áirithe leighis. Tacóidh an scéim seo leis na féidearthachtaí chun seirbhísí leighis a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge amach anseo. Is í FSS atá ag riaradh na scéime nua.
Cuirfear scoláireachtaí de luach €4,000 ar fáil, ag brath ar iarratais inghlactha, sna réimsí seo a leanas: Leigheas; Fisiteiripe; Teiripe Shaothair; Teiripe Urlabhra agus Teanga.
Eolas breise: Bairbre Uí Theighneáin, FSS Ríomhphost: bairbre.uitheighneain@hse.ie
Tá clár forbartha oiliúna nua sna Meáin Dhigiteach, forbartha le TG4 agus páirtithe leasmhara eile san earnáil léirithe neamhspleách le dul i ngleic le bearnaí cumais mar a bhí curtha in iúl ag na comhlachtaí neamhspleácha iad féin.
Tríd an scéim seo tá oifigeach faoi oiliúint fostaithe i ndeich gcomhlacht a sholáthraíonn ábhar léirithe do TG4. Is bunaithe ar riachtanais scile gach comhlacht ar leith atá an tOifigeach faoi oiliúint ceaptha, i réimse sainscile m.sh. stiúrthóireacht / léiritheoireacht / taighde & r.l. Beidh Dámhachtain Speisialta Dearbhú Cáilíochta & Cailíochtaí Éireann Leibhéal 8 le bronnadh ó IT na Gaillimhe / Mhaigh Eo ar na rannpháirtithe.
Blaiseadh den scéim le fáil anseo: Youtube Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin
Eolas breise: TG4 www.tg4.ie eolas@tg4.ie