
Wild Atlantic Ice
- 📌General Operative
- 📍Ros a' Mhíl
Roghnaigh:




Chun cur isteach ar phostanna seol CV chuig hr@iihealthfoods.com






Tá Muintearas CTR ag reáchtáil comórtas le duine a cheapadh sa phost Comhordaitheoir Oiliúna. Ag freagairt don Bhainisteoir Oibríochtaí agus Cláir beidh an Comhordaitheoir Oiliúna freagrach as comhordú, bainistíocht agus dearbhú cáilíochta na gclár oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an eagraíocht.

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag tairiscint post lánaimseartha ar chonradh bliana mar Chúntóir Riaracháin (Ealaíona). Gheobhaidh an té a cheapfar taithí ar riaradh poiblí na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Cuideoidh an Cúntóir Riaracháin (Ealaíona) le dualgais riaracháin agus comhordaithe i ngach foireann agus clár réigiúnach de chuid na heagraíochta agus cuirfidh le cláir agus le tionscnaimh forbartha ealaíon a chur ar fáil go héifeachtach.

Tá Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo ag lorg iarratais do phost mar Bhainisteoir faoi Oiliúint atá mar chuid de Scéim na mBainisteoirí faoi Oiliúint de chuid Údarás na Gaeltachta. Is post lánaimseartha é seo ar feadh tréimhse dhá bhliain.

Tá NetFeasa i gCo. Chiarraí ag lorg Innealtóir Bogearra Sinsearaigh le taithí cuí a bhfuil suim acu dul isteach le foireann innealtóra atá ag méadú agus atá dírithe ar dhigitiú an Slabhra Soláthair Dhomhanda.




Tá Muintearas CTR ag reáchtáil comórtas le duine a cheapadh sa phost Comhordaitheoir Oiliúna. Ag freagairt don Bhainisteoir Oibríochtaí agus Cláir beidh an Comhordaitheoir Oiliúna freagrach as comhordú, bainistíocht agus dearbhú cáilíochta na gclár oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an eagraíocht.

Seol foirm iarratais (ón suíomh idirlín) chomhlánaithe agus gach cáipéis ábhartha a d’fhéadfadh tacú le d’iarratas tríd An Post nó r-phost chuig: Bainisteoir Ginearálta, Tearmann Éanna CTR, An Tulach, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. H91W540 / ✉️bainisteoir@tearmanneanna.ie


Díreoidh an bainisteoir faoi oiliúint ar thionscadail shonracha atá mar chuid de chlár oibre na heagraíochta. Tabharfar taithí maidir le tograí a bhainistiú, a fhorbairt agus a thabhairt chun críche. Ina measc seo beidh: - bainistiú laethúil an Gteic - obair le grúpaí agus coistí pobail - obair le fiontraithe, cuideachtaí agus daoine aonair.


An bhfuil tú ag lorg post san earnáil Luathbhlianta? Má tá, tá deiseanna iontacha ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta i nGaillimh, i nDún na nGall, i gCiarraí agus an Mhí! Tá muid ag lorg: • Múinteoirí Luathbhlianta • Oibrithe Luathbhlianta • Oibrithe Iarscoile • Bainisteoir / Maoir Cén fáth CNNG? Forbairt ghairmiúil, Pá samhraidh agus rátaí pá den scoth, Pinsean, Obair shásúil, agus fhiúntach!


Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg luachana do sheirbhísí poiblíochta agus bainistíochta meán sóisialta chun tacú le hobair na heagraíochta. Tá an tseirbhís seo de dhíth ar bhonn ghearrthréimhseach chun seirbhís leantach a dheimhniú i rith tréimhse saoire. Tá tuilleadh eolas le fáil @ ealain.ie Is féidir iarratais a dhéanamh chuig: Margaret Anne Ní Fhearraigh, Ealaín na Gaeltachta ma.nifhearraigh@udaras.ie roimh 4.00 i.n. Déardaoin, an 8 Deireadh Fómhair 2026.