Faisc Miotail
- 📍Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
Déantúsaíocht & Innealtóireacht
Refine:
Déantúsaíocht & Innealtóireacht
Tá MIDC PÁIRC NA MARA anois ag iarraidh Comhordaitheoir Tionscadail a fhostú. Beidh an Comhordaitheoir Tionscadail freagrach as bainistiú a dhéanamh ar oibríochtaí laethúla áiseanna MIDC agus beidh sé/sí freagrach as gnéithe teicniúla de chlár seachadta seirbhíse MIDC. I measc na ndualgas beidh sceidil tionscadail, acmhainní, trealamh agus faisnéis a chomhordú; idirchaidreamh a dhéanamh le cliaint chun riachtanais, raon feidhme agus cuspóirí tionscadail a shainaithint agus a shainiú; a chinntiú go gcomhlíontar caighdeáin agus ceanglais trí thástálacha dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh.
Eolaíocht na Beatha, STEM, Bithleigheas
◼️ Táthar ag iarraidh Ionad Barr Feabhais a dhéanamh de Thearmann Éanna Teo. a thabharfaidh an cumas do dhaoine dul in aois le muinín agus le dínit agus a neart saoil a iompú ina thabhartas eiseamláireach le bealach tairbheach maireachtála a leanacht. ◼️ Seol foirm iarratais (ón suíomh idirlín) chomhlánaithe agus gach cáipéis ábhartha a d’fhéadfadh tacú le d’iarratas tríd An Post nó r-phost chuig: Bainisteoir Ginearálta, Tearmann Éanna CTR, An Tulach, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. H91W540 / ✉️bainisteoir@tearmanneanna.ie
Teicneolaíocht Leighis
◼️ Tá Kelsius ag earcú do ról an Teicneora Dearbhaithe Cáilíochta. Tá an ról seo lonnaithe i Monarcha Kelsius i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Is éard a bheidh i gceist le do ról neamhchomhlíonadh, anailís CAPA & bunchúise, iniúchadh inmheánach, nuashonruithe nós imeachta, athbhreithniú agus formheas doiciméadachta bailíochtaithe a chur i gcrích.
◼️ Tá Bradán Beo ag lorg Oibrithe Ginearálta Lánaimseartha agus Páirtaimseartha chun a bhfoireann mara a threisiú. ◼️ Riachtanais Oibre: Tá taithí ar oibríochtaí muirí inmhianaithe agus caithfidh tú a bheith compordach ag obair ar bháid agus in aimsir.
Tá MIDC Páirc na Mara ag lorg Bainisteoir Forbartha Gnó. Beidh an duine seo freagrach as forbairt tráchtála na saoráide agus í a bhunú mar acmhainn náisiúnta don earnáil mhuirí. Beidh an bainisteoir ag plé le gníomhaireachtaí forbartha, gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, institiúidí ardoideachais, institiúidí airgeadais agus seirbhísí gairmiúla.
Díoltóir Bhia Shláintiúil. Chun cur isteach ar phostanna seol CV chuig ✉️ HR@IIHEALTHFOODS.COM
Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht, agus cuireann sé seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na seirbhísí, tuismitheoirí, coistí agus pobail Ghaeltachta.
◼️ Tá Oifigeach Forbartha á earcú chun dul ag obair ar sheachadadh an Chláir LEADER D’Oileáin Dhún na nGall. ◼️ Tá Príomhoifig Chomhar na nOileán lonnaithe ar Inis Oírr, Oileáin Árann ach is féidir oibriú go cianda.