All About Kombucha

Maigh Cuilinn,
Co. na Gaillimhe

Bhunaigh Emmett Kerrigan agus Keith Loftus All About Kombucha mar gur chreid siad go mór sa tionscadal a bhí acu. Déanann siad tae súilíneach coipthe as comhábhar úr orgánach, deoch a chuireann go mór le saol sláintiúil. Tháinig siad anois leis an smaoineamh nuair a chuaigh siad ar imirce go Vancouver tar éis céim sa ghnó a bhaint amach ag OÉ Gaillimh. Ansin bhunaigh siad a ngnó féin, comhlacht tógála tírdhreach. Ar bhriseadh lóin lá tar éis maidin chrua, tháinig siad ar kombucha i siopa bia sláinte. Bhí an deoch is fearr leo aimsithe acu agus nuair a d’fhill siad ar Éirinn shocraigh siad an deoch a dhéanamh anseo. Is orthu féin a bhí siad ag smaoineamh ach ansin thosaigh orduithe ag teacht ó chairde agus óna muintir féin, rud a spreag iad an dara gnó le chéile a bhunú.

Gaillimh Bia agus Deoch