Eastát Tionsclaíochta,
An Cheathru Rua,
Co. na Gaillimhe
Bhunaigh Áine O’Hora agus Francis O’Flaherty Connemara Brewing Company in 2018 agus díríonn an comhlacht ar líon beag beoracha ar chaighdeán ard a dhéanamh. Is dearadh traidisiúnta atá ar an ngrúdlann, trí soitheach le críoch adhmaid. Tá chuile chéim den bpróiseas ó dhearadh agus forbairt táirge, grúdaireacht, cannadóireacht agus pacáistiú déanta ar an gCeathrú Rua.