Connemara Organic Seaweed Company

Aonad 3,
Ros an Mhíl,
Co. na Gaillimhe

Ba é Noel Ó Laoi, a rugadh agus tógadh i Leitir Mealláin - oileán álainn sceirdiúil amach ó chósta iarthar na hÉireann, a bhunaigh Comhlacht Feamainn Orgánach Chonamara in 2012.

Leis na glúnta, tá muintir Uí Laoi ag baint cheilpe agus fheamainne amach ó Chósta Chonamara. Is é an misean atá acu ná táirgí inmharthana lámhbhainte ceilpe agus feamainne a chur ar fáil mar bhia do dhaoine tríd fhorlíonta sláinte agus táirgí inite.

Tá sé mar aidhm acu feamainn áitiúl inite atá lámhbhainte ar bhealach inmharthana a chur ar fáil agus iad sin a thabhairt isteach mar fhoinse malartach bia atá sláintiúil, cothaitheach agus go maith don timpeallacht.

Tá sé tábhachtach go n-aithneofaí tábhacht na feamainne don bhfiadhúlra muirí, rud a chaithfear a chothromú leis an úsáid a bhaineann daoine as. Dá réir sin, baineann siad úsáid as cur chuige éiceachórais, rud a chiallaíonn go gcuirtear caomhnú agus úsáid inmharthana chun cinn ar bhealach atá cothrom.

Gaillimh Bia agus Deoch