Builín Blasta Teoranta

Aonad 16,
Ceardlann an Spidéil,
An Spidéal,
Co. na Gaillimhe

Rugadh an chef agus an t-úinéir Heather Flaherty i gCeanada agus léirigh sí suim i gcúrsaí bia ó bhí sí ina gasúr óg. Tógadh í in Saskatoon, Saskatchewan agus chomh fada lena cuimhne bhí sí riamh i mbun miasa a chruthú agus a thriail. Téann an grá atá ag Heather do bhia i bhfeidhm go mór ar dhaoine eile.

Is deacair stop a chur lena cuid cainte faoi chomhábhair, soláthraithe, miasa nó béilí, agus is geall le galar an díograis seo atá aici. Fíoraíodh Aisling Heather in 2015 nuair a ghlac sí úinéireacht ar a caifé féin. Ghlac sí ceannas ar an mBuilín Blasta sa Spidéal – dar léi, áit idéalach atá ann lena grá do bhia a roinnt.

An mana atá aici i gcónaí ná an bia a bheith úr, a bheith folláin, agus a bheith blasta. Oibríonn sí go crua lena chinntiú go bhfuil chuile mhias, arán agus císte blasta agus go ndéantar freastal ar chuile chustaiméir le fáilte chuí chroíúil.

Gaillimh Bia agus Deoch