White Gables

Maigh Cuilinn,
Co. na Gaillimhe

Is iad Kevin & Ann Dunne atá i mbun White Gables le Kevin ag obair sa gcistin agus Ann ag tabhairt aire don taobh miondíola. Le taithí Kevin mar chócaire agus pearsantacht Ann tá cáil ar na White Gables ní amháin i nGaillimh ach ar fud na tíre agus an-tóir ag daoine ar an mbialann seo ó d’oscail siad i sráidbhaile Mhaigh Cuilinn in 1991. Sa mbliain 2009 bhunaigh siad Enjoy from White Gables a chuireann earraí úr bácáilte agus cócaráilte ar fáil ó chistin White Gables chomh maith le hearraí ó tháirgeoirí ceardaithe na hÉireann. Le linn dhianghlasáil 2020 thosaigh siad ag cur ciseáin chlutharaithe ar fáil, rud a d’ardaigh croí na ndaoine agus a thug tacaíocht do tháirgeoirí ceardaithe beaga freisin.

Gaillimh Bia agus Deoch