Cliantchomhlachtaí an Údaráis

Roghnaigh:

MIDC Páirc na Mara

  • Fostóir: MIDC Páirc na Mara
  • Ceantar: Gaillimh
  • ◼️ Bainisteoir Forbartha Gnó
  • ◼️ Seol CV & Litir Chumhdaigh chuig ✉️ midc@udaras.ie
  • 📆 Spriocdháta d'iarratais: 03 Eanáir 2025 @ 13:00

Tá MIDC Páirc na Mara ag lorg Bainisteoir Forbartha Gnó. Beidh an duine seo freagrach as forbairt tráchtála na saoráide agus í a bhunú mar acmhainn náisiúnta don earnáil mhuirí. Beidh an bainisteoir ag plé le gníomhaireachtaí forbartha, gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, institiúidí ardoideachais, institiúidí airgeadais agus seirbhísí gairmiúla.

Freudenberg Medical

  • Fostóir: Freudenberg Medical
  • Ceantar: Gaillimh
  • 📍An Spidéal

Teicneolaíocht Leighis

Comhar na nOileán CTR

  • Fostóir: Comhar na nOileán CTR
  • Ceantar: Dún na nGall
  • ◼️ Oifigeach Forbartha - Oileáin Dhún na nGall
  • ◼️ Páirt Aimseartha ar 3 Lá sa tSeachtain
  • ◼️ Chun sonraí poist agus foirm iarratas a fháil seol ríomhphost chuig mairin@oileain.ie
  • ◼️ Spriocdháta: De hAoine, 17/01/2025 @ 5p.m

◼️ Tá Oifigeach Forbartha á earcú chun dul ag obair ar sheachadadh an Chláir LEADER D’Oileáin Dhún na nGall. ◼️ Tá Príomhoifig Chomhar na nOileán lonnaithe ar Inis Oírr, Oileáin Árann ach is féidir oibriú go cianda.

Viatris / Mylan

  • Fostóir: Viatris / Mylan
  • Ceantar: Gaillimh
  • 📍Indreabhán

Eolaíocht na Beatha, STEM, Bithleigheas

Bradán Teoranta

  • Fostóir: Bradán Teoranta
  • Ceantar: Gaillimh
  • ◼️ Oibrithe Ginearálta - lán agus páirtaimseartha
  • ◼️ Teagmháil: liam@bradanbeo.ie

◼️ Tá Bradán Beo ag lorg Oibrithe Ginearálta Lánaimseartha agus Páirtaimseartha chun a bhfoireann mara a threisiú. ◼️ Riachtanais Oibre: Tá taithí ar oibríochtaí muirí inmhianaithe agus caithfidh tú a bheith compordach ag obair ar bháid agus in aimsir.

MIDC Páirc na Mara

  • Fostóir: MIDC Páirc na Mara
  • Ceantar: Gaillimh
  • ◼️ Comhordaitheoir Tionscadail
  • ◼️ Seol CV & Litir Chumhdaigh chuig ✉️ midc@udaras.ie
  • 📆 Spriocdháta d'iarratais: 03 Eanáir 2025 @ 13:00

Tá MIDC PÁIRC NA MARA anois ag iarraidh Comhordaitheoir Tionscadail a fhostú. Beidh an Comhordaitheoir Tionscadail freagrach as bainistiú a dhéanamh ar oibríochtaí laethúla áiseanna MIDC agus beidh sé/sí freagrach as gnéithe teicniúla de chlár seachadta seirbhíse MIDC. I measc na ndualgas beidh sceidil tionscadail, acmhainní, trealamh agus faisnéis a chomhordú; idirchaidreamh a dhéanamh le cliaint chun riachtanais, raon feidhme agus cuspóirí tionscadail a shainaithint agus a shainiú; a chinntiú go gcomhlíontar caighdeáin agus ceanglais trí thástálacha dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh.

Kelsius

  • Fostóir: Kelsius
  • Ceantar: Dún na nGall
  • 📍 Teicneoir um Dhearbhú Cáilíochta
  • ◼️ Gaoth Dobhair
  • ✉️ Seol CV chuig careers@kelsius.com

◼️ Tá Kelsius ag earcú do ról an Teicneora Dearbhaithe Cáilíochta. Tá an ról seo lonnaithe i Monarcha Kelsius i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Is éard a bheidh i gceist le do ról neamhchomhlíonadh, anailís CAPA & bunchúise, iniúchadh inmheánach, nuashonruithe nós imeachta, athbhreithniú agus formheas doiciméadachta bailíochtaithe a chur i gcrích.

Faisc Miotail

  • Fostóir: Faisc Miotail
  • Ceantar: Dún na nGall
  • 📍Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Déantúsaíocht & Innealtóireacht

Comhar Naíonraí na Gaeltachta

  • Fostóir: Comhar Naíonraí na Gaeltachta
  • Ceantar: Corcaigh/ Dún na nGall/ Gaillimh/ An Mhí
  • ✉️ Teagmháil: foluntas@cnng.ie
  • ◼️ Bainisteoir Airgeadais - Spriocdháta 06/01/2025
  • ◼️ Mhúinteoir AIM (Saoire Máithreachais) i Naíonra Phádraig Dobhar, Co. Dhún na nGall - Spriocdháta 03/01/2025
  • ◼️ Oifigeach Forbartha Luathbhlianta, Co. Chiarraí - Spriocdháta 03/01/2025

Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht, agus cuireann sé seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na seirbhísí, tuismitheoirí, coistí agus pobail Ghaeltachta.

Tearmann Éanna

  • Fostóir: Tearmann Éanna
  • Ceantar: Gaillimh
  • ◼️ Fógra Poist – Cúramóirí Baile
  • 📍 An Tulach, Baile na hAbhann
  • Teagmháil: ✉️ bainisteoir@tearmanneanna.ie

◼️ Táthar ag iarraidh Ionad Barr Feabhais a dhéanamh de Thearmann Éanna Teo. a thabharfaidh an cumas do dhaoine dul in aois le muinín agus le dínit agus a neart saoil a iompú ina thabhartas eiseamláireach le bealach tairbheach maireachtála a leanacht. ◼️ Seol foirm iarratais (ón suíomh idirlín) chomhlánaithe agus gach cáipéis ábhartha a d’fhéadfadh tacú le d’iarratas tríd An Post nó r-phost chuig: Bainisteoir Ginearálta, Tearmann Éanna CTR, An Tulach, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. H91W540 / ✉️bainisteoir@tearmanneanna.ie

Independent Irish Health Foods

  • Fostóir: Independent Irish Health Foods
  • Ceantar: Corcaigh
  • 📍 Baile Mhúirne
  • ◼️ Breis eolais ag HR@IIHEALTHFOODS.COM

Díoltóir Bhia Shláintiúil. Chun cur isteach ar phostanna seol CV chuig ✉️ HR@IIHEALTHFOODS.COM