
Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo
- 📌Oifigeach Pleanála Teanga
- 📍Árainn Mhór, Co.Dhun na nGall
- 📆 Spriocdháta: 30/08/2025 5:00 i.n.
Ar mhaith leat a bheith mar pháirt de ghréasán d’Oifigeach Pleanála Teanga Thír Chonaill agus lonnaithe ar oileán? Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo. Is é Comharchumann Árainn Mhór i gcomhar le Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Árainn Mhór atá freagrach as plean teanga Árainn Mhór a chur i bhfeidhm. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil d’aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge sa LPT. Is ar an Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh an phríomhfhreagracht an plean a chur i bhfeidhm.