An Breatimeacht

An bhfuil do ghnó réidh don Bhreatimeacht? Tá tacaíocht agus saineolas ar fáil chun cabhrú le do ghnó ullmhúchán a dhéanamh.

Tacaíochtaí Airgid

Deontas Bí Réidh (Be Prepared)

Tá suas le €5,000 ar fáil faoin Deontas Bí Réidh chun cúnamh a thabhairt leis an gcostas a bhaineann le freagra straitéiseach a ullmhú don Bhreatimeacht.

Tá an Deontas Bí Réidh ar fáil do chliantchomhlachtaí (micreafhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide) a bhainfeadh tairbhe as breis taighde agus as saineolas seachtrach chun plean teagmhais a ullmhú don Bhreatimeacht agus scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi le riosca a laghdú, sreafaí airgid a bhainistiú, acmhainní daonna agus margaíocht.  Tá suas le €5,000 nó 50% den chostas iomlán ar fáil faoin deontas tacaíochta seo.

Léigh tuilleadh faoinár ndeontas Bí Réidh anseo.

Deontas Bí Réidh do Chustaim

Beidh an Deontas Bí Réidh do Chustaim ina chúnamh do do ghnó chun a chumas a mhéadú bainistiú a dhéanamh ar an bpróiseas custam tar éis an 1 Eanáir 2021.

  • Tá suas le €9,000 ar fáil i leith gach fostaí lánaimseartha nua a chuirtear i mbun obair custam.
  • Cuirtear an deontas seo i dtreo costais earcaíochta, costais fostaithe agus soláthar bonneagair TF.

Má fhostaíonn tú duine nua chun déileáil le custaim ar bhonn páirtaimseartha, tá deontas suas le €4,500 ar fáil.

Féadtar breis eolais a fháil anseo.

Ciste Fionnachtana Margaidh

Ceann de phríomhspriocanna an Chiste Fionnachtana Margaidh ná tacaíocht shonrach a thabhairt do chomhlachtaí lena bpleananna éagsúlaithe margaidh.

Is é aidhm an deontais ná dreasacht a thabhairt do chomhlachtaí taighde a dhéanamh ar straitéisí inmharthana agus inbhuanaithe iontrála margaidh. Féadfaidh comhlachtaí tacaíocht a lorg margaí geografacha nua a fhorbairt le haghaidh táirgí reatha/nua, É SIN NÓ táirgí nua a fhorbairt do mhargaí geografacha reatha.  Cuireann sé tacaíocht ar fáil i leith costais inmheánacha, mar shampla pá/tuarastal, taisteal eachtrach agus ábhar taighde margaíochta agus costais sheachtracha, mar shampla sainchomhairleoirí margaidh, costais aonach trádála, spás oifige sealadach a thógáil ar cíos. Tá maoiniú deontais ó €35k suas le €150k i leith costais incháilithe ar fáil.

Léigh tuilleadh anseo.

Nuálaíocht Shofhreagrach

Forbraíodh an Ciste Nuálaíochta Sofhreagraí chun tacaíocht a thabhairt i leith nuálaíocht táirgí, seirbhísí agus próiseas chun buntáiste iomaíoch a thógáil. Tá an ciste seo dírithe ar chliaint in earnálacha a bhfuil saolré dearaidh an-tapa iontu, nó nár chuir isteach ar thacaíocht Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta roimhe seo. An príomhbhuntáiste a bhaineann leis an tacaíocht seo ná go gceadaíonn sé próiseas iarratais níos simplí agus cuireann aga freagartha níos tapúla ar fáil idir an t-iarratas agus an ceadú. Ceadaíonn an Ciste Nuálaíochta Sofhreagraí nua do chomhlachtaí teacht ar suas le 50% i dtacaíocht i leith tionscadail nuálaíochta le costas iomlán de suas le €300,000.

Léigh tuilleadh anseo.

Feabhas Oibríochtúil

Is é aidhm an deontais Feabhas Oibríochtúil ná tacú le comhlachtaí bunaithe (fiontair FBM agus fiontair mhóra) aghaidh a thabhairt ar a ndúshláin iomaíocha agus ar a ndeiseanna fáis trí thionscadal bunchlaochlaithe a mbeadh infheistíocht i gceist leis sa mhéid seo:

  • Nuálaíocht Ghnó: feidhmiú modhanna nua nuálaíocha táirgeachta, seachadta nó eagrúcháin
  • Trealamh caipitiúil, lena n-áirítear infheistíocht sa digitiú
  • Cumas a thógáil trí oiliúint i mBarainneacht, Ceannaireacht, Nualaíocht agus Digitiú

Léigh tuilleadh anseo.

Dearbhán Pleanála Breatimeachta

Cuireann InterTradeIreland tacaíocht airgeadais 100% suas le €2,250 (CBL san áireamh) ar fáil i leith comhairle ghairmiúil maidir le cúrsaí Breatimeachta. Féadfaidh an tacaíocht seo a bheith ina cabhair do do ghnó comhairle a fháil ar shaincheisteanna sonracha, amhail gluaiseacht saothair, earraí, seirbhísí agus bainistíocht airgeadraí.

Chun bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht airgeadais, ní mór do do ghnó an méid seo a chomhlíonadh:

  • a bheith lonnaithe ar oileán na hÉireann (Thuaidh nó Theas)
  • a bheith i mbun trádála trasteorann (idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann)
  • níos lú ná 250 fostaithe a fhostú
  • láimhdeachas bliantúil faoi bhun €50m a bheith aige (coibhéis steirlinge)
  • stair trádála shásúil a bheith aige (coimeádann muid an ceart againn féin go gcuirfí cuntais airgeadais faoinár mbráid)

Tabhair do d’aire: Tá roinnt eisiamh i gceist de réir na dtreoirlínte sonracha a bhaineann le Cúnamh Stáit, amhail an talmhaíocht phríomhúil – déan teagmháil leis an bhFoireann Breatimeachta ag InterTradeIreland le haghaidh tuilleadh eolais.

Cuirtear an Dearbhán ar fáil faoi Rialachán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Cúnamh de Minimis, mar a shonraítear sna doiciméid don dearbhán Tosú ar Phleanáil don Bhreatimeacht. Ní mór don ghnó sonraí a chur ar fáil do InterTradeIreland maidir leis an gcúnamh eile de Minimis uile a deonaíodh don ghnó le trí bliana anuas. Ba chóir a thabhairt do d’aire, má thugann gnó dearbhú bréagach agus é de thoradh air go sáraítear an tairseach €200,000, féadfaidh sé a bheith de thoradh air ina dhiaidh sin go ndéanfar an cúnamh a aisghabháil móide ús.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Scéim Iasachta Breatimeachta Chorparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann (SBCI)

Cuireann an Scéim Iasachta Breatimeachta maoiniú suas le €300 milliún ar fáil do ghnóthaí Éireannacha incháilithe.[i] Deartar an scéim chun tacaíocht mhaoinithe a chur ar fáil chun cur ar chumas comhlachtaí na hathruithe riachtanacha a fheidhmiú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a leagann an Breatimeacht síos. Tairgtear Scéim Iasachta Breatimeachta an SBCI i gcomhpháirt leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta agus leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus tá sí ag fáil tacaíochta ón tSaoráid Ráthaíochta InnovFin d’fhiontair FBM, le tacaíocht airgeadais ón Aontas Eorpach faoi Ionstraimí Airgeadais Horizon 2020. Ní mór na hiasachtaí a úsáid le haghaidh riachtanais caipitil oibre amach anseo chun maoiniú a dhéanamh ar nuálaíocht, athrú nó oiriúnú an ghnó chun tionchar an Bhreatimeachta a mhaolú.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo ar an gcaoi le hiasachtaí a fháil ón SBCI chun maoiniú a dhéanamh ar an nuálaíocht, gnóthaí a a oiriúnú agus tionchar an Bhreatimeachta a mhaolú.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo ar an gcaoi le hiasachtaí a fháil ón SBCI chun maoiniú a dhéanamh ar an nuálaíocht, gnóthaí a a oiriúnú agus tionchar an Bhreatimeachta a mhaolú.

Ciste Iasachta Micreaghnóthas

Iarratais le Microfinance Ireland (MFI) ar iasachtaí idir €2,000 agus €25,000 (neamhurraithe) le haghaidh gnóthaí beaga. Féadtar iasachtaí le haghaidh tograí atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de a úsáid chun cabhair a thabhairt i leith costais tionscnaimh a mhaoiniú, nó i leith caipiteal oibre nó leathnú gnó. Trí chur isteach ar iasacht MFI do ghnóthaí beaga trí Oifig Fiontair Áitiúil féadfaidh cliaint leas a bhaint as laghdú 1% sa ráta úis a ghearrtar.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo. 

Tacaíochtaí Oiliúna

Tionscnamh Act On

Faoin Tionscnamh Act On, tairgtear 2 lá de chomhairle agus tacaíocht maidir le bainistiú airgeadais agus airgeadra, foinsiú straitéiseach agus custaim agus lóistíocht. Oibríonn comhlachtaí le sainchomhairleoir neamhspleách chun cinneadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí sonracha chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na rioscaí agus na deiseanna a thagann aníos mar gheall ar an mBreatimeacht.

Tuilleadh eolais anseo.

Cúrsa Léargais Custam

Cabhraíonn an cúrsa Léargais Custam tuiscint a fháil ar na príomhchoincheapa, doiciméid agus próisis custam a theastaíonn chun earraí a bhogadh chuig, ó agus tríd an Ríocht Aontaithe. Leis an gcúrsa seo, gheobhaidh na foghlaimeoirí tuiscint shoiléir ar na himpleachtaí custam dá ngnó agus na roghanna atá ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim chun an próiseas seo a dhéanamh níos éifeachtúla.

Faigh tuilleadh eolais ar an gcúrsa Léargais Custam anseo.

Clear Customs – Skillnet

Is éard is Clear Customs ann ná tionscnamh oiliúna fíorúla saor in aisce chun cabhrú le gnóthaí Éireannacha a gcumas a thógáil chun déileáil le riachtanais bhreise custam tar éis an 1 Eanáir.

Leis an gcúrsa Clear Customs, tairgtear oiliúint d’idirghabhálaithe custam agus do ghnóthaí a dhéanann trádáil go rialta leis an Ríocht Aontaithe nó tríd an Ríocht Aontaithe.

Cuirtear an clár oiliúna fíorúla Clear Customs ar fáil saor in aisce i gcomhpháirt leis an Institiúid Náisiúnta um Iompar agus Lóistíochta (CILT) agus le CILT Skillnet agus cuireann uas-oiliúint ar fáil do do bhaill foirne, go háirithe i réimse na nósanna imeachta agus doiciméad custam le haghaidh trádáil leanúnach nó trádáil amach anseo leis an Ríocht Aontaithe nó tríd an Ríocht Aontaithe. Cuirfear Clear Customs ar fáil do ghnóthaí incháilithe* mar chuid de Éire a Ullmhú don Bhreatimeacht.

Tá tuilleadh eolais faoin oiliúint Clear Customs ó Skillnet ar fáil anseo.

Meantóireacht/Sainchomhairleoireacht

Athbhreithniú Straitéiseach Margaidh

Dearadh an t-athbhreithniú seo, i gcomhar le Fiontraíocht Éireann, chun struchtúr agus fócas a leagan ar oibríochtaí margaíochta an chomhlachta trí úsáid a bhaint as uirlis dhiagnóiseach creatlaigh.  Creatlach é seo a d’fhorbair fiontair FBM bhunaithe a bhfuil trádáil idirnáisiúnta déanta acu go rathúil ach a dteastaíonn uathu tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a gcumas margaíochta straitéisí ar bhealach níos struchtúrtha, agus bainfidh siad buntáiste as tabhairt faoi Athbhreithniú Margaíochta Straitéisí.

Is é a dhéanann tasc an Athbhreithnithe Margaíochta Straitéisí ná sainchomhairleoirí speisialaithe díolacháin agus margaíochta i gcomhar le Sainchomhairleoirí Forbartha agus i ndlúthchomhar le Sainchomhairleoirí Margaíochta Údarás na Gaeltachta ónár líonra oifigí idirnáisiúnta. Is éard atá i gceist leis an tasc seo ná 7 lá de shainchomhairleoireacht agus folaíonn sé 4 chruinniú le cliaint thar thréimhse 6–8 mí.

Beidh soiléireacht i bhfad níos mó ag comhlachtaí a thugann faoin Athbhreithniú seo ar ghníomhaíochtaí sonracha agus indéanta a theastaíonn chun a bhforbairt idirnáisiúnta a fhás agus a chothú amach anseo.

Tá tuilleadh eolais faoin Athbhreithniú Straitéiseach Margaidh ar fáil anseo.

Comhairle Údarás na Gaeltachta

Tá feidhmeannaigh forbartha gnó Údarás na Gaeltachta ar fáil do chliantchomhlachtaí agus dóibh siúd ar mian leo a mbealach a dhéanamh tríd na deiseanna agus dúshláin phoitéinsiúla a d’fhéadfadh teacht aníos ón mBreatimeacht.  Cuirfidh ár bhfeidhmeannaigh saineolas agus sainchomhairle ar fáil ar an gcaoi is fearr chun cabhrú le do ghnó le linn an Bhreatimeachta.

Tuilleadh eolais anseo

Scéim Meantóireachta Údarás na Gaeltachta

Tugann an scéim seo tacaíocht do mheantóir gnó chun cabhrú leat sa chéim tosaigh de do ghnó, nó do dhuine a thabharfaidh comhairle faoi réimsí sonracha de do phlean gnó.

Tuilleadh eolais anseo

Seirbhís Sainchomhairleoireachta InterTrade Ireland

Cuireann an tSeirbhís Sainchomhairleoireachta Breatimeachta eolas agus tacaíocht ar fáil trí mhaoiniú dearbháin, uirlis saincheaptha foghlama ar líne, seiceálaí taraifí, gluais príomhthéarmaíochta Breatimeachta, taighde, líonrú agus imeachtaí eolais.

https://intertradeireland.com/brexit