Tacaíonn an Ciste Nuálaíochta Sofhreagraí le forbairt a dhéanamh ar tháirgí, seirbhísí nó próisis nua nó cinn a feabhsaíodh go substaintiúil, ar chostas iomlán tionscadail faoi bhun €300,000. Tá foirm iarratais chuíchóirithe ann agus ceadú mear i gceist leis.
Comhlachtaí den chineál seo;
Má thugann d’Fheidhmeannach Forbartha treoir duit gur tionscadal ERDF é seo, cliceáil ar Eolas ERDF do Chliaint.
Rátaí deontais 25% go 50% – ag brath ar mhéid an chomhlachta agus ar cé acu an bhfuil comhoibriú san áireamh (chun eolas a fháil ar rátaí comhoibrithe, féach ár ndoiciméad Treoirlínte do Chomhlachtaí faoi Tuilleadh Eolais thíos);
Cuirtear tacaíocht deontais ar fáil do Thionscadail suas le €300,000.
Rátaí & Tacaíocht Deontais | Comhlachtaí Beaga | Comhlachtaí Meánmhéide | Comhlachtaí Móra | Deontas Uasta |
Tionscadail T&F | 45% | 35% | 25% | €150,000 |
Tionscadail Nuálaíochta Gnó * | 50% | 50% | 50% | €150,000 |
Gach comhlacht cláraithe i mbun trádála agus atá dearfach ó thaobh tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh.
Ba chóir gach iarratas ar mhaoiniú a phlé le d’Fheidhmeannach Forbartha in Údarás na Gaeltachta sula gcuirtear isteach iad.