Scéim Meantóireachta Údarás na Gaeltachta

Leis an Scéim Meantóireachta, cuirtear tacaíocht ar fáil trí mheantóir gnó a chabhraíonn le gnóthaí sa chéim tionscnaimh gnó nó a chuireann comhairle ar fáil faoi réimsí sonracha den phlean gnó – rud atá ríthábhachtach ag an tráth seo.

Bíonn caidreamh díreach ag oifigigh Údarás na Gaeltachta le gach cliant chun tacaíocht a chur ar fáil, iad a chur ar an eolas faoi na tacaíochtaí is fearr atá ar fáil dóibh agus chun cabhrú leo lena n-iarratas.

Déan teagmháil le d’Fheidhmeannach Forbartha maidir le haon chúnamh.