Ciste Fionnachtana Margaidh

Is é aidhm an Chiste Fionnachtana Margaidh ná dreasacht a thabhairt do chomhlachtaí tabhairt faoi thaighde margaíochta agus straitéisí inmharthana agus inbhuanaithe iontrála margaidh i margaí geografacha nua a fhorbairt. Ní fhéadtar gníomhaíochtaí díolacháin agus margaíochta a thacú. Cuireann an Ciste Fionnachtana Margaidh tacaíocht ar fáil i dtreo costais inmheánacha agus sheachtracha a thabhaítear nuair atá taighde á dhéanamh ar mhargaí nua le haghaidh táirgí agus seirbhísí. Féadtar tacaíocht a chur ar fáil thar thréimhse 18 mí ó dháta tosaigh an tionscadail go dtí dáta deiridh an tionscadail.

Tá tacaíocht faoin gCiste Fionnachtana Margaidh ar fáil i gcás comhlachtaí incháilithe Gaeltachta atá ag féachaint le haghaidh margadh geografach nua le haghaidh táirge/seirbhís reatha, é sin nó margadh geografach reatha le haghaidh táirge/seirbhís nua.

Féadfaidh comhlacht iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoin gCiste Fionnachtana Margaidh níos mó ná aon uair amháin ar an gcoinníoll go bhfuil gach iarratas ar leithligh ag féachaint le haghaidh margadh nua do tháirge reatha nó le haghaidh margadh reatha do tháirge nua.

Tá an Ciste Fionnachtana Margaidh ar fáil thar thrí leibhéal:

  1. Deontas suas le €35k
  2. Deontas thar €35k suas le €75k
  3. Deontas thar €75k suas le €150k.

Tá an Ciste Fionnachtana Margaidh ar fáil le haghaidh iarratais ón méid seo:

  • Gnólachtaí Nua-Thionscanta Ardchumais [GNTA] (Leibhéil 1 agus 2 amháin)
  • Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide [FBM] (Leibhéil 1–3)
  • Comhlachtaí Móra (Leibhéil 2 agus 3)

Féadfaidh sé go gceadófar tacaíocht i leith caiteachas incháilithe thar réimse catagóirí, lena n-áirítear: Tuarastal, forchostais, taisteal & cothú (thar lear), sainchomhairleoireacht, luasaire gnó, aonaigh trádála, tuairiscí, cúlbhannaí agus spás oifige a thógáil ar cíos i ndáil leis an tionscadal Fionnachtana Margaidh.

An bhfuil mé incháilithe?

Tá tú incháilithe cur isteach ar an gCiste Fionnachtana Margaidh más cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta thú a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

  • más comhlacht déantúsaíochta thú nó comhlacht incháilithe seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta;
  • má tá an cumas léirithe agat idirnáisiúnú a dhéanamh.
  • más gnólacht GNTA thú atá i mbun gníomhaíochtaí incháilithe.

(pléigh é seo go mion le d’Fheidhmeannach Forbartha maidir le incháilitheacht GNTA):

Ní mór do ghnólachtaí GNTA na critéir seo a leanas a leanúint:

  • Ní mór a bheith ceadaithe mar infheistíocht chothromais de chuid Údarás na Gaeltachta;
  • Ní mór an infheistíocht chothromais a bheith íostarraingthe 6 mhí ar a laghad roimh iarratas a dhéanamh don Deontas Fionnachtana Margaidh;
  • Ní mór d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide bhunaithe a bheith i mbun gníomhaíochtaí incháilithe;
  • Ní fhéadann comhlachtaí móra i mbun gníomhaíochtaí incháilithe rochtain a fháil ach amháin ar thacaíocht Leibhéal 2 agus 3;
  • Seachas gnólachtaí GNTA, ní mór don uile chomhlacht a bheith i mbun trádála ar feadh breis agus 5 bliana, 10 fostaí ar a laghad in áit ar bith ar domhan agus cúigear díobh ar a laghad bunaithe in Éirinn, le hioncam bliantúil inbhuanaithe de €500k ar a laghad agus a bheith dearfach ó thaobh tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh sna 9 mí roimhe.
  • Ní mór nach mbeidh an maoiniú íostarraingthe i bhfoirm cothromais ó Údarás na Gaeltachta sna sé mhí roimhe

Féadfaidh sé go bhfuil comhlachtaí bia agus dí incháilithe don Chiste Fionnachtana Margaidh agus ba chóir teagmháil leis an bhFeidhmeannach Forbartha de chuid Údarás na Gaeltachta atá ainmnithe duit chun é seo a phlé.

Céard é an deontas uasta?

Is é an maoiniú uasta ná 50% den chaiteachas incháilithe suas le deontas uasta €150,000.

Céard iad na gníomhaíochtaí atá incháilithe?

Leis an deontas seo, féadfaidh an cliant an méid seo a dhéanamh:

  • tabhairt faoi thaighde margaíochta príomha agus tánaisteach;
  • acmhainneacht chun margaidh agus bacainní ar iontráil a dheimhniú;
  • custaiméirí poitéinsiúla a shainaithint, a phróifíliú agus teagmháil a dhéanamh leo i gcomhthéacs taighde príomhúil chun a gcuid riachtanas a dheimhniú agus bailíochtú a dhéanamh ar phointí fáiscthe a nglactar leis go dtugann táirge/seirbhís an chomhlachta aghaidh orthu;
  • athbhreithniú ar thírdhreach na hiomaíochta;
  • measúnú a dhéanamh ar roghanna an bhealaigh chun an mhargaidh;
  • sainaithint a dhéanamh ar gheallsealbhóirí eile cuí sa mhargadh, mar shampla comhlachais trádála, grúpaí/líonraí tionscail;
  • praghsáil comparáideach, agus taighde agus samhaltú praghsála;
  • athbhreithniú ar rialacháin/reachtaíocht mhargaidh chun bheith mar bhonn eolais do shaincheapadh féideartha ar tháirgí/seirbhísí;
  • comhairle maidir le riachtanais dhlíthiúla an mhargaidh a bhfuil taighde á dhéanamh air;
  • gníomhaíochtaí giniúna cliant féideartha, is é sin spriocliosta a thógáil bunaithe ar thorthaí an taighde;
  • taighde nua ar sholáthraithe ag teastáil chun freastal ar an margadh sonrach a bhfuiltear ag díriú air;
  • am caite ar straitéis mhargaíochta agus plean don todhchaí a fhorbairt;
  • rannpháirtíocht ag Aonaigh Trádála aitheanta taobh amuigh d’Éirinn (folaíonn sé seo táillí iontrála, cíos ar sheastáin/spás taispeántas, costais iompair, taistil agus chothaithe a bhaineann leis an Aonach Trádála le haghaidh suas le 5 fostaithe ar a mhéad). Ní cháilíonn aon am caite ag fostaithe ag ullmhú d’Aonaigh Trádála agus freastal orthu.
  • Tabhair do d’aire nach bhfuil freastal ag comhdhálacha, cruinnithe mullaigh, fóraim, siompóisiaim, imeachtaí aon uaire comhlachtaí, taispeántais ná cruinnithe, nach bhfuil siad incháilithe le haghaidh tacaíochta.

Caiteachas Incháilithe

Féadfaidh an cliant úsáid a bhaint as cuid de na hacmhainní seo a leanas, nó iad uile, chun tabhairt faoin taighde margaíochta. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ach Treoirlínte an Chiste Fionnachtana Margaidh do Chomhlachtaía íoslódáil.

1. Tacaíocht Pá agus Tuarastail

Féadtar tacaíocht a thabhairt i leith costais phá agus tuarastail do dhaoine a shanntar don tionscadal.

Is é an tuarastal incháilithe uasta ná €80,000 sa bhliain in aghaidh an fhostaí, gan ÁSPC fostóra ná bónais san áireamh.

Tá an méid seo mar rogha ag an gcomhlacht;

  • Fostaithe reatha nó nua a chur i suíomh an mhargaidh chun tabhairt faoin thasc an tionscadail agus/nó
  • Fostaithe nua a cheapadh/fostaithe reatha a athshannadh a bheadh bunaithe in Éirinn chun tabhairt faoin taighde margaíochta.

2. Forchostais

Tá forchostais incháilithe, suas le 30% ar a mhéad de phá agus tuarastail.

3. Taisteal Iasachta

Ní cheadaítear ach costais Taistil agus Chothaithe do thurais thar lear a bhaineann leis an tionscadal beartaithe.

Ní mór go mbainfeadh na costais Taistil agus Chothaithe Iasachta le fostaithe an chomhlachta amháin.

4. Sainchomhairleoireacht

Maidir le costais a bhaineann le sainchomhairleoir/comhlacht sainchomhairleoireachta a fhostú chun ionchur a bheith acu don tionscadal beartaithe nó chun tabhairt faoi, tá siad faoi réir uasteorainn €900 sa lá.

4.1 Luasaire Gnó

Is éard ata sa Luasaire Gnó ná saineolaí tionscail sa mhargadh, ceaptha ag Údarás na Gaeltachta, atá taobh istigh d’earnáil agus margadh sonrach, agus a bhfuil an taithí, eolas agus teagmhálacha aige nó aici chun tacaíocht a thabhairt i leith leathnú agus forbairt comhlachta isteach i margadh easpórtála.

Ráta Laethúil Uasta de €1,500 sa lá suas le 25 lá ar a mhéad, agus am an tsainchomhairleora lena n-áirítear gach speansas gaolmhar taistil, cothaithe agus speansas as póca san áireamh.

5. Costais Aonaigh Trádála

Níl sé ar fáil do Chomhlachtaí Móra.

An cúnamh airgeadais uasta atá ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht in Aonach Trádála ná €75k (caiteachas).

6. Spás Oifige Sealadach a Thógáil ar Cíos

Caiteachas suas le €25,000 le haghaidh cíos oifige sa mhargadh nua le haghaidh tréimhse uasta 18 mí. Tá an oifig le húsáid chun críocha measúnú margaidh nua amháin, seachas le haghaidh díolachán nó gníomhaíochtaí dáileacháin.

7. Ábhair/Acmhainní Taighde Margaíochta

Ábhair Taighde Margaíochta

Tá an costas a bhaineann le ceannach tuairiscí agus bunachar a bhaineann le margadh/earnáil nua incháilithe le haghaidh tacaíochta.

Acmhainní

Tá an costas forbartha a bhaineann le hacmhainní margaíochta le húsáid sa mhargadh nua incháilithe. Féadfaidh sé go bhfolófaí na costais a bhaineann leis na hacmhainní a dhearadh, logánú, teachtaireacht luach sonrach an togra don mhargadh, agus aistriúchán don tástáil margaíochta.

Cén chaoi lena ndéanaim iarratas?

Ba chóir gach iarratas ar mhaoiniú a phlé le d’Fheidhmeannach Forbartha in Údarás na Gaeltachta sula gcuirtear isteach iad.

Roimh iarratas a dhéanamh, ní mór duit an méid seo a dhéanamh:

Déan teagmháil le d’Fheidhmeannach Forbartha ainmnithe in Údarás na Gaeltachta chun d’iarratas a phlé.

Maidir le haon chaiteachas a thabhaítear sula bhfaigheann Údarás na Gaeltachta an t-iarratas, ní bheidh sé incháilithe le haghaidh cúnamh deontais.