Athbhreithniú Straitéiseach Margaidh

Go hidéalach, ba chóir do chomhlachtaí bunaithe an tAthbhreithniú Margaíochta Straitéisí seo a dhéanamh, a bhfuil taithí acu ar thrádáil idirnáisiúnta agus a bhfuil suim acu in athbhreithniú agus forbairt a dhéanamh ar a straitéis forbartha margaidh.

Tá an deontas ar fáil do chliantchomhlachtaí reatha Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann a chomhlíonann na critéir seo a leanas uile:

  1. Tá an comhlacht ina chomhlacht déantúsaíochta nó ina comhlacht incháilithe seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta; agus
  2. Tá an comhlacht ina fhiontar FBM i mbun gníomhaíochtaí incháilithe; agus
  3. Ní mór an cumas a bheith léirithe ag an gcomhlacht idirnáisiúnú a dhéanamh; agus
  4. Ní mór don chomhlacht a bheith i mbun trádála ar feadh breis agus 6 bliana agus ioncam bliantúil inbhuanaithe de €500k ar a laghad;
  5. Más rud é gur comhlacht nach bhfuil i mbun trádála ar feadh breis agus 6 bliana anuas, ní mór ioncam inbhuanaithe bliantúil de €500k ar a laghad a bheith aige, a bheith dearfach ó thaobh tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh sna 9 mí roimhe, agus an cumas a bheith aige é seo a léiriú ar bhealach inbhuanaithe don todhchaí.

Comhlachtaí Neamh-Incháilithe

Comhlachtaí a bhfuil a dtáirgí sa liosta in Iarscríbhinn 1 den Chonradh AE (Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) agus féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ina measc:

  • Comhlachtaí gairneoireachta
  • Próiseálaithe éisc
  • Táirgeoirí tosaigh eile

Cé na costais atá incháilithe agus céard é an maoiniú uasta atá ar fáil?

Tá caiteachas incháilithe faoi réir srian don chostas a bhaineann le sainchomhairleoir margaíochta ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta/Fiontraíocht Éireann a fhostú le haghaidh 7 lá ar a mhéad.

Is é an táille laethúil uasta iníoctha leis an sainchomhairleoir ná €900 agus costais taistil chothaithe agus costais as póca san áireamh.

Déanfar an maoiniú de bhun deontas sainchomhairleoireachta. Is é an gnáthchostas a bhaineann le hAthbhreithniú Margaíochta Straitéisí a dhéanamh ná €6,300. Ní mór don chomhlacht an tsuim iomlán €6,300 a íoc leis an sainchomhairleoir sula bhféadann Údarás na Gaeltachta an t-éileamh a phróiseáil. Féadfaidh an comhlacht ansin an deontas €5,000 a éileamh ach cruthúnas ar íocaíocht a chur isteach, mar aon le cóip den phlean gníomhaíochta comhlánaithe.

Socraítear an incháilitheacht tríd an iarmhéid cúnaimh de Minimis atá ar fáil don chomhlacht.

Céard iad na dátaí dúnta don ghairm?

Níl aon dátaí dúnta don ghairm. Ní próiseas iomaíoch é seo agus is iad lucht bainistíochta Údarás na Gaeltachta a cheadaíonn é. Déan teagmháil le d’Fheidhmeannach Forbartha in Údarás na Gaeltachta chun plé a dhéanamh ar oiriúnacht na tacaíochta seo do do ghnó.

Cén chaoi lena ndéanaim iarratas?

Ba chóir gach iarratas ar mhaoiniú a phlé le d’Fheidhmeannach Forbartha in Údarás na Gaeltachta sula gcuirtear isteach iad.

Déan teagmháil le d’Fheidhmeannach Forbartha ainmnithe in Údarás na Gaeltachta chun d’iarratas a phlé.

Cén áit a bhféadaim teacht ar shainchomhairleoir oiriúnach?

Bunaítear an tAthbhreithniú Margaíochta Straitéisí ar chlár sonrach oibre thar thréimhse an taisc. Tá foireann sainchomhairleoirí fostaithe ag Údarás na Gaeltachta/Fiontraíocht Éireann a oibreoidh i gcomhar le do chomhlacht, chomh maith le comhairleoirí Fhiontraíocht Éireann in Éirinn agus thar lear araon. Le haghaidh tuilleadh eolais ar na sainchomhairleoir ceadaithe, déan teagmháil le d’Fheidhmeannach Forbartha.