Deontas Bí Réidh

Tá an Deontas Bí Réidh á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Fiontraíocht Éireann agus cuireann tacaíocht ar fáil do chliantchomhlachtaí plean gníomhaíochta a ullmhú dá ngnó chun tionchar an Bhreatimeachta a mhaolú. Dearadh é d’fhiontair FBM a bhainfeadh tairbhe as breis taighde agus as saineolas seachtrach a úsáid agus an plean seo á fhorbairt.

Féadtar an deontas seo, a bhfuil suas le €5,000 ar fáil uaidh, a úsáid chun cúnamh a thabhairt na costais sainchomhairleoireachta agus taistil a bhaineann le taighde a dhéanamh ar threo a bplean gníomhaíochta a chlúdach. D’fhéadfadh sé a bheith i gceist go ndéanfaí scrúdú ar an bhféidearthacht éagsúlú a dhéanamh i margaí agus deighleoga margaidh nua; infheistiú a dhéanamh sa nuálaíocht; iomaíocht oibriúcháin a fheabhsú; agus/nó cumas airgeadais straitéiseach a fheabhsú.

Ba chóir do chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta teagmháil a dhéanamh lena bhfeidhmeannach forbartha agus an Scórchárta Breatimeachta, atá ar fáil ó Fhiontraíocht Éireann, a chomhlánú roimh a n-iarratas a dhéanamh.

An bhfuil mé incháilithe?

Tá an deontas ar fáil do chliantchomhlachtaí reatha Údarás na Gaeltachta a chomhlíonann na critéir seo a leanas, ar chliantchomhlachtaí iad:

  • atá i mbun trádála go gníomhach;
  • atá i mbun gníomhaíochtaí incháilithe;
  • a mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht orthu;
  • a bhfuil an Scórchárta Breatimeachta comhlánaithe acu.

Comhlachtaí Neamh-Incháilithe

Comhlachtaí a bhfuil a dtáirgí sa liosta in Iarscríbhinn 1 den Chonradh AE (Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) a bhfuil an méid seo ina measc:

  • Comhlachtaí gairneoireachta
  • Próiseálaithe éisc
  • Táirgeoirí tosaigh eile

Cé na costais atá incháilithe agus céard é an maoiniú uasta atá ar fáil?

An deontas uasta atá ar fáil ná €5,000. Ríomhtar an deontas ag céatadán suas le 50% den chaiteachas incháilithe a thabhaíonn an t-iarratasóir a n-éiríonn leis.

Costais Incháilithe

Clúdaíonn táillí sainchomhairleoirí seachtracha na réimsí seo a leanas: Straitéis, forbairt margaidh, nuálaíocht, oibriúchán, daoine agus airgeadas.

Costais taistil fostaithe (intíre agus idirnáisiúnta) a bhaineann le taighde de réir na hachoimre thuas.

Costais Neamh-Incháilithe

  • Caiteachas roimh an dáta iarratais
  • Costais sainchomhairleoirí
  • Costais a bhaineann le díolacháin
  • Costais rannpháirtíochta in aonaigh trádála
  • Tuarastail
  • Forchostais

Cén chaoi lena ndéanaim iarratas?

Ba chóir do chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta teagmháil a dhéanamh lena bhfeidhmeannach forbartha agus an Scórchárta Breatimeachta, atá ar fáil ó Fhiontraíocht Éireann, a chomhlánú roimh a n-iarratas a dhéanamh.

Sonraí teagmhála/sonraí breise

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le d’Fheidhmeannach Forbartha in Údarás na Gaeltachta.