Tionscnamh Act On

Faoin Tionscnamh Act On, tugtar cabhair do chomhlachtaí atá nochta don Bhreatimeacht plean láidir gníomhaíochta a chruthú agus sainaithint a dhéanamh ar na deiseanna agus na rioscaí a d’fhéadfadh an Breatimeacht a chur roimh do ghnó.

Tá an tionscnamh seo ar fáil do chliaint Údarás na Gaeltachta agus cuirtear ar fáil é gan costas ar bith don chomhlacht, i gcomhar le Fiontraíocht Éireann. Tá sé beartaithe ag an tionscnamh seo cabhrú le comhlachtaí a gcumais a láidriú i dtrí phríomhréimse gnó:

  1. Bainistiú Airgeadais agus Airgeadra
  2. Foinsiú Straitéiseach
  3. Custaim agus Lóistíocht

Tá achoimre thíos ar struchtúr an tsannacháin idir an comhlacht agus an sainchomhairleoir:

  • Leathlá idir do chomhlacht agus an sainchomhairleoir chun plé a dhéanamh ar do shocruithe reatha agus na dúshláin a thagann aníos mar gheall ar an mBreatimeacht
  • Sainchomhairleoir ag caitheamh leathlae ag déanamh anailíse ar na torthaí agus ag cur comhairle phraiticiúil agus gníomhaíochtaí molta le chéile do do chomhlacht
  • Sainchomhairleoir ag caitheamh leathlá eile le do chomhlacht ag déanamh plé ar an gcomhairle agus na moltaí agus ag aontú ar phlean gníomhaíochta ina ndéantar achoimre soiléir ar na gníomhaíochtaí éagsúla
  • Sainchomhairleoir ag caitheamh leathlá eile ar deireadh chun tuairisc uathúil agus shonrach a ullmhú do do chomhlacht, ag cur na dúshláin agus na gníomhaíochtaí aontaithe in iúl (lena n-áirítear sonraí na ndátaí agus na bhfreagrachtaí).

Critéir Cháilitheachta agus Cén Chaoi le hIarratas a Dhéanamh

Ní mór duit a bheith i do chliant ag Údarás na Gaeltachta le bheith incháilithe don Tionscnamh Act On.

Chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le d’Fheidhmeannach Forbartha agus cuir do shuim sa chlár in iúl.