Feabhas Oibríochtúil

Faoin Tairiscint Feabhais Oibríochtúil, arna cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Fiontraíocht Éireann, cuirtear ar chumas comhlachtaí Gaeltachta i mbun trádáil idirnáisiúnta a ngnó níos leithne a athrú ó bhonn d’fhonn dul san iomaíocht ar bhealach níos éifeachtaí. Trí phróiseas iarratais comhtháite, ceadaíonn an tairiscint do ghnóthaí incháilithe teacht ar thacaíocht airgeadais do thionscadail ghnó nó athraithe oibríochtúla, chomh maith leis an tógáil cumais agus infheistíocht chaipitiúil a bhaineann leis an nuálaíocht.

Is é aidhm na tairisceana ná tacú le comhlachtaí bunaithe (fiontair FBM agus fiontair mhóra) aghaidh a thabhairt ar a ndúshláin iomaíocha agus ar a ndeiseanna fáis trí thionscadal bunchlaochlaithe a mbeadh infheistíocht i gceist leis sa mhéid seo:

  • Nuálaíocht Ghnó: feidhmiú modhanna nua nuálaíocha táirgeachta, seachadta nó eagrúcháin
  • Trealamh caipitiúil, lena n-áirítear infheistíocht sa digitiú
  • Cumas a thógáil trí oiliúint i mBarainneacht, Ceannaireacht, Nualaíocht agus Digitiú

Ba chóir athrú suntasach a bheith i gceist leis an tionscadal inaitheanta a bhfuil an plean fáis tógtha thart air, ó thaobh na caoi a ndéanann an comhlacht gnó agus níor chóir go mbeadh sé dírithe ar athruithe oibríochtúla gnáthaimh. D’fhéadfadh an méid seo a bheith i measc na samplaí:

  • Athdhearadh ar an Líne Táirgeachta – comhlacht déantúsaíochta ag déanamh infheistíochta i dtrealamh agus córais chomhtháite bogearraí chun modh nua táirgeachta a fheidhmiú ag baint úsáid as prionsabail bharrainneachta agus oiliúint foirne.
  • Athstruchtúrú Próisis – comhlacht seirbhísí ag cur seirbhísí saincheaptha dearaidh chruthaithigh ar fáil agus modh nua táirgeachta a fheidhmiú, lena n-áirítear dearadh próisis caighdeánaithe nua, uathoibriú na gcomhchodanna den phróiseas agus oiliúint foirne i bprionsabail bharrainneachta;

Bainistiú Slabhra Soláthair – comhlacht ag feidhmiú modhanna nua chun gnó a dhéanamh le soláthraithe agus páirtithe, lena n-áirítear infheistíocht i dtrealamh nua, forbairt bogearraí agus oiliúint bainisteoirí agus foirne.