Image of Walkways and Wayfinding at Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh

Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh

Insítear scéal Phádraic Mhic Phiarais san ionad seo do chuairteoirí i Ros Muc i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, agus tugtar na cuairteoirí ar aistear foghlama trí theanga, cultúr agus tírdhreach an cheantair álainn seo i nDeisceart Chonamara.

Image of Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Exterior Sign

Image of the Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Interior

Cé chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Ag tógáil ar Theach an Phiarsaigh mar a bhí ann roimhe, tháinig Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirt leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gcomhar le Fáilte Ireland agus le hOifig na nOibreacha Poiblí chun taitneamhacht den chéad scoth a chruthú le haghaidh cuairteoirí. Osclaíodh an t-ionad seo in 2016 agus tá na scórtha mílte cuairteoirí idirnáisiúnta tagtha chun an cheantair ó shin dá thoradh. Tá an tÚdarás ag leanúint den chomhoibriú le hOifig na nOibreacha Poiblí chun an láthair a chur chun cinn agus reáchtálann an t-ionad cruinnithe le haghaidh oibreoirí turasóireachta áitiúla agus don phobal áitiúil.

Tuilleadh eolais

Exterior shot of Pearse’s Cottage
Image of Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Interior
Image of Interactive Elements inside the exhibition in the centre
Image of the interior of the exhibition centre